Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Nov 1973

Vol. 268 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice Thír Chonaill.

87. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh aige maidir le haerstráice a chur ar fáil i nGaeltacht Thír Chonaill.

Táthar ag plé le cúrsaí teidil don láithreán. Is i gceantair Ghaoth Dobhair atá an láithreán.

Nuair adeir an tAire go bhfuiltear ag plé leis an bhféadfadh sé a rá chomh tapaidh is a bhéas toradh ar bith air?

An láithreán atá i gceist, tá cearta fáirigh ag a lán feirmeoirí—commonage is ea é. Tá suas le 68 feirmeoirí ann agus tuigtear go bhfuil iontaobhaithe le ceapadh acu faoi ghníomhas. Tá Coimisiún na Talún ag feitheamh le dréacht den ghníomhas sin ón dlíodóir. Ach an Coimisiún a bheith sásta leis an gníomhas tabharfaidh siad an talamh, 153 acra ar fad, do na hiontaobhaite faoi réir na gcearta. Beidh teideal ag na hiontaobhaithe ansin agus beidh siad in ann an láithreán a chur ar fáil don aerstráice. Tá fonn orthu an láithreán sin a chur ar fáil le haghaidh an aerstráice.

On eolas atá le fáil agam anois sé mo thuairim go mbeidh an teideal glanta i gceann cúpla seachtáin agus go mbeimid in ann obair a thosnú ar an aerstráice.

Barr
Roinn