Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 11 Dec 1973

Vol. 269 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt na Gaeltachta.

40. D'fhaifraigh

d'Aire na Gaeltachta cathain a bheidh sé in ann aon ráiteas bunúsach maidir leis an nGaeltacht a chur os comhair na Dála.

Tar éis sos na Nollag nuair a bheidh Meastachán na Roinne seo ós comhair na Dála.

An mbeidh sé againn go luath tar éis na Nollag? Mar a thuigeann an tAire, ní bheimid arais anseo go dtí Mí Feabhra agus beidh an Rialtas nua beagnach bliain i gcumhacht. Agus fós níor chualamar aon scéal uathu maidir leis an Ghaeltacht.

Bhí súil agam go mbeadh an Meastachán againn i rith an tséisiúin seo ach níor tharla sé mar sin ach tá súil agam go mbeidh sé ós comhair na Dála i rith na chéad seachtaine tar éis sos na Nollag.

Níor chuala mé an tAire i gceart, cathain a dúirt sé a bheidh an Meastachán againn?

Go díreach i ndiaidh sos na Nollag.

41. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon socrú á dhéanamh aige maidir le ceist athfhostaíochta do na hoibritheoirí atá ag obair faoi láthair ag comhlacht (ainm tugtha) i nGaillimh

Tá gach dícheall á dhéanamh ag Gaeltarra Éireann le súil go mbeidh fostaíocht ag na daoine sin.

An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil aon cheangail idir muintir Ghaeltarra agus muintir Solus Teo? Má tá, nach bhféadfadh Solus Teo, atá i bplaistics, dul isteach anseo agus pé dualgaisí a thiteann ar an gcomhlacht eile a ghlacadh chuchu féin?

Ní gá dom a rá go raibh imní mor ormsa nuair a chuala mé conas a bhí an scéal maidir leis an dtionscal seo ach is amhlaidh gur tharla deacrachtaí margaíochta sa tionscal agus níorbh fhéidir na hearraí a bhí á dtáirgeadh a dhíol go héifeachtach. Cheapadh glacadoir-bhainisteoir ar an 20/11/1973, tri sheachtain ó shin. Ina dhiaidh sin bhí cruinniú agam im oifig anseo sa Dáil le hionadaithe óna gceárd-chumainn agus ó Ghaeltarra Éireann agus do phléamar an cheist go hiomlán agus na deacrachtaí a bhí againn leis an monarcha. Ó ceapadh an glacadoir-bhainisteoir cúpla seachtain ó shin tá scrudú iomlán á dhéanamh sa tionscal seo chun a fháil amach an féidir leanúint leis an obair phlaistic agus ón eolas atá le fáil agam anois ó Ghaeltarra Éireann, tá dóchas mór agam go mbeidh siad in ann socraithe nua a dhéanamh chun go mbeidh siad in ann obair phlaistic a leanúint sa tionscal sin. Tá Gaeltarra Éireann i gcomhairle le cúpla comhlacht plaistic eile agus tá docas mór agam.

Ba mhaith liom a rá ag an bpointe seo go gcabhróidh mise in aon tslí is féidir liom chun na daoine atá ag obair ann a choinneáil i mbun oibre.

Cathain a osclaíodh an mhonarcha seo?

D'fhreagair mé an cheist go hiomlán, a Cheann Comhairle.

(Cur isteach.)

Bí id thost.

42. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon tionscail nua geallta do Ghaeltacht Thír Chonaill.

Bíonn idirbheartaíocht ar siúl i gcónaí ag Gaeltarra Éireann d'fhonn tionscail nua a bhunú ach ní fhoilsítear eolas mar gheall ar thogra go dtí go dtagtar ar shocrú aontaithe ina thaobh. Tá súil agam go bhfógrófar cúpla tionscal nua do Ghaeltacht Thír Chonaill go luath.

An bhféadfadh an tAire an abairtín beag úd "go luath" a mhíniú níos soiléire agus a rá cé chomh luath agus a bheidh sé?

I dtosach Mhí Eanaír.

Barr
Roinn