Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Dec 1973

Vol. 269 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foilseacháin Ghaeilge.

50. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cad iad na deontais atá á n-íoc le foilseacháin i nGaeilge a fhoilsiú.

Mr. R. Burke

Tá scéimeanna ag mo Roinn faoin a n-íoctar deontais le foilsitheoirí príobháideacha chun buntéacsleabhair i nGaeilge, a bheadh feiliúnach do na meánscoileanna, agus aistriúcháin Ghaeilge agus eagráin nua sa litriú caighdeánach agus sa chló Romhánach de leabhair a bheadh feiliúnach do na meánscoileanna nó do na bunscoileanna a chur ar fáil. Faoi na scéimeanna seo is féidir deontais a íoc i leith costais eagarthóireachta, costais chlódóireachta, costais léaráidí, blocanna agus clúdach, mionchostais faoin a n-áirírtear, mar Shampla, costais fógraíochta agus costais chlóscríofa. Íoctar deontais, freisin, faoi na scéimeanna seo i leith costais aistriúcháin agus íoctar táille don údar nuair is bunleabhar atá i gceist.

Íocann mo Roinn deontais le beirt fhoilsitheoir chun cabhrú leo pictiúir — irisí oideachasúla, ina bhfuil Gaeilge amháin nó Gaeilge agus Béarla a fhoilsiú. Tá naoi n-iris i gceist i láthair na huaire.

Íocann mo Roinn deontas bliantúil le foilsitheoir amháin chun cabhrú leis leabhair i nGaeilge nach téacsleabhair iad a fhoilsiú.

D'fhonn ábhar breise léitheoireachta a chur ar fáil i leith na nuachúusa Gaeilge socraíodh deontais i leith costais tairge mar a leanas

Leabhair de 24 leathanach—£555

Leabhair de 32 leathanach—£740

agus, freisin, mar shocrú faoi leith le foilsitheoirí áirithe beartaíodh 11p an chóip a dheonadh de leith aithinsint Ghaeilge a sholáthar ar fhoilseacháin áirithe Bearla a faomhadh chun na críche seo.

I dteannta an chaitheachais a shíolraíonn as saothar an Ghúim, cuireann mo Roinn airgead ar fáil gach bliain ar mhaithe le scéim deontas a bunaíodh go speisialta i 1952 d'aon ghnó chun cabhruithe le foilsitheoirí príobháideacha leabhair éagsúla i nGaeilge a chur ar an margadh. Reachtáiltear an scéim sin ag Bord na Leabhar Gaeilge do hainmníodh ag an Aire Oideachais. Foilsíodh iomlán de 351 leabhair faoin scéim idir 1952-53 agus 1972-73. Tá suim de £34,000 curtha in áirithe do riachtanais na scéime i meastacháin na bliana airgeadais 1973-74.

Ar mhiste leis an Aire a rá an bhfuil aon dul chun cinn déanta aige maidir leis na geallúntais a thug sé níos luaithe sa bhliain maidir le cúrsaí foilseacháin go ginearálta agus go speisialta maidir leis an nGúm?

Mr. R. Burke

Gheallas go ndéanaimís ár ndícheall chun 25 duine a chur isteach sa Ghúm. Táimid tar éis iarracht a dhéanamh ina thaobh sin ach ní féidir linn daoine go bhfuil na cáilíochtaí acu a fháil chun an obair sin a dhéanamh.

An gceapann an tAire go raibh sé amaideach a rá go gcuirfeadh sé 25 duine isteach agus gan a fhios a bheith aige an raibh éinne oiriúnach le fáil?

Mr. R. Burke

Ní ormsa atá an locht muna bhfuil daoine ann go bhfuil na cáilíochtaí acu agus fiú dá mbeadh sé déanta agam bheadh an Teachta seo ag iarraidh dalladh mullóg a chur ar an Dáil.

(Cur isteach.)

Caithfimid dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile.

Ceist amháin eile le do thoil.

An ceann deireannach.

Is í an cheist seo a leanas a chuir mé ar an Aire. An gceapann sé go raibh sé amaideach 25 oifigeach a gheallúint d'áit ar bith nuair nach raibh a fhios aige an raibh éinne oiriúnach le fáil? An admhaíonn sé anois nach raibh fiú agus duine amháin le fáil?

Mr. R. Burke

Tá sé amaideach a bheith ag iarraidh an fhírinne a chur ar shúile an Teachta seo. Níl aon amaideachas ag baint leis an rud adúirt mé cúpla mí ó shin. Tá mé ag iarraidh an 25 seo a fháil agus más féidir liom teacht orthu cuirfidh mé isteach sa Ghúm iad.

Mr. Kitt

An féidir leis an Aire a insint dúinn an méid iomlán airgid a thugann a Roinn do na foilseacháin go léir?

Mr. R. Burke

Ní dóigh liom go bhfuil an t-eolas sin agam go beacht anseo. Má chuireann an Teachta ceist orm amach anseo tabharfaidh mé an t-eolas dó.

(Cur isteach.)

An bhfuil an tAire sásta le méid na ndeontas atá le fáil faoi láthair? An bhfuil siad mór go leor le daoine a spreagadh chun leabhair a fhoilsiú agus an bhfuil sé beartaithe aige amach anseo na deontais seo a ardú?

Mr. R. Burke

An bhfuil aon Aire Sásta go bhfuil na deontais mór go leor? Déanfaidh mé mo dhícheall fad a fhágfar sa phost seo mé na deontais seo a árdú bliain i ndiaidh bliana.

Barr
Roinn