Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Mar 1974

Vol. 271 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Polasaí Gaeilge an Rialtais.

43. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí an dtabharfadh sé ráiteas maidir leis an bpolasaí atá ag an Rialtas i dtaobh ceist na Gaeilge.

Faoi mar a léiríodh sa ráiteas faoina gcuspóirí a d'eisigh páirtithe an Chomhrialtais roimh an Olltoghchán, is é polasaí an Rialtais meas ar an Ghaeilge a chothú agus an teanga féin a chur chun cinn. Tá breithniú á dhéanamh ag an Rialtas ar fheidhmiú an pholasaí sin ag na Ranna agus ag na heagraíochtaí Stáit. Faoi mar is eol don Teachta, tá ráitis déanta cheana féin ag an Aire Oideachais faoi ionad na Gaeilge sna scoileanna agus sna scrúdúcháin phoiblí. Beidh ráiteas á dhéanamh go luath ag Aire na Gaeltachta faoi ghnóthaí na Gaeltachta.

Ar cuireadh moltaí Chomhairle na Gaeilge—tá roinnt mhaith moltaí i gceist—ós comhair an Rialtais fós agus an bhfuil breith tugtha orthu?

Chuireamar ós comhair an Rialtais iad cúpla mí ó shin.

Bhí roinnt eile ann roimhe sin chomh maith a bhaineann le cúrsaí Gaeilge——

Bhí siad ós comhair an Rialtais.

——taobh amuigh den Ghaeltacht agus go háirithe sa tSeirbhís Poiblí. An bhfuil aon bhreith tugtha ag an Rialtas fós orthú?

Níl fós.

Barr
Roinn