Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Mar 1974

Vol. 271 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhairle Náisiúnta Drámaíochta.

55. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dáta a cheap sé na daoine atá ag scrúdú gach a mbaineann leis an gComhairle Náisiúnta Drámaíochta; cé mhéid uair a thánadar le chéile ó shin; agus cén dul chun cinn atá déanta acu.

Ar 11 Eanáir a cheap mé an bhuíon sin. Níor iarr mé orthu eolas i dtaobh cruinnithe a chur ar fáil ach táim sásta nach beag an dul chun cinn atá déanta acu.

An bhfuil aon eolas ag an Aire i láthair na h-uaire faoi cad atá ar siúl agus an bhéadfadh sé aon eolas a thúirt don Teach faoin dul chun cinn atá déanta?

Ní beag an dul chun cinn atá déanta. Cheap mé an bhuíon sin ar an 11ú Eanáir. D'iarr mé moltaí maidir le dhá rud ar leith: bunreacht nua don Comhairle Náisiúnta Drámaíochta. Níl na moltaí sin ar fáil go fóill. D'iarr mé orthu chomh maith moltaí a thúirt maidir le deontas a íoc san mbliain airgeadais reatha. Fuair mé na moltaí sin. Ghlac mé leo agus tá an t-airgead íochtha. Tá eolas anseo maidir le roinnt an airgid. Is iad na h-íochaíochtaí a moladh agus a rinneadh ná £12,000 leis an eagraíocht i Sráid Fhearchair; £6,500 leis an eagraíocht ar an gCeathrú Rua agus £3,500 ar mhaithe le himeachtaí drámaíochta de chuid an Damer agus an Chomhchaidrimh. Rinne na h-íocaíochtaí le Gael-Linn agus leis an gComhchaidreamh mar codanna de íocaíochtaí níos mó. Ghlac na h-eagraíochtaí leis na moltaí sin. Tá an buíon ag obair anois ar obair thábhachtach: bunreacht nua a chur le chéile, agus tá súil agam go nglacfaidh na heagraíochtaí éagsúla leis an mbunreacht sin agus go mbeidh gluaiseacht aontaithe drámaíochta sa tír.

Barr
Roinn