Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Mar 1974

Vol. 271 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Tithíochta sna Ghaeltacht.

56. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil an gnáth-dheontas tithíochta le fáil ag na daoine ón nGaeltacht a fhilleann chun cónaí go buan ina n-áit dhúchais.

Bíonn na gnáthdheontais le fáil ag daoine mar sin a thagann faoi fhorálacha Achtanna na dTithe (Gaeltacht).

An nglacfadh an tAire go bhfuil daoine a tháinig abhaile ó Shasana agus de bhrí nach raibh Gaeilge ag na gasúirí—agus tuigfidh an tAire narbh fhiú dóibh Gaeilge a bheith acu i lár Lonndain —nach bhfuair siad an deontas a bhí ag dul dóibh?

Bíonn deacrachtaí ann. Bíonn achainí a teacht go dtí mo Roinnse beagnach gach seachtain ó Teachtaí Dála maidir le cásanna den tsaghas seo. Tá an-áthas orm a rá go bhfuil scéim nua tithíochta dhá ullmhú againn faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh feabhas ar an scéal nuair a bhéas an scéim sin le fáil. Cad atá i gceist ach na daoine a fhileann ar ais ó Shasana agus a bhí ag abair ins na monarcain sa Ghaeltacht. Bíonn deacrachtaí ann b'fhéidir nuair a phosann fear bean nach bhfuil an Ghaeilge aici agus tá súil agam leis an scéim nua atá dhá ullmhú agam anois go mbeimid in ann na deacrachtaí sin a réiteach.

Ní raibh an oiread sin de na daoine seo ann. Tá daoine ann cheana féin sa Ghaeltacht a tháinig abhaile ó Shasana agus áiteacha eile go bhfuil togha na Gaeilge acu.

Níl sé sin i gceist.

An mbeadh an tAire sásta—ní bheadh mórán airgid i gceist—na deontais a thúirt do na daoine sin?

Cúpla mí ó shoin d'fiafraigh mé de mo Roinnse staidéar iomlán a dhéanamh ar na cásanna agus bhí go leor cásanna mar sin. Tá scéim dhá ullmhú againn agus beidh sin le fáil sar i bhfad. Ní féidir liom a bheith cinnte anois ach tá súil agam go mbeidh feabhas ann.

Barr
Roinn