Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Mar 1974

Vol. 271 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.

57. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid oibritheoir atá ag obair faoi láthair i monarcha (ainm tugtha) sa Ghaeltacht.

58. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén saghas oibre atá idir lámha i monarcha (ainm tugtha) sa Ghaeltacht.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 57 agus Ceist a 58 le chéile. Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil timpeall 40 duine fostaithe sa mhonarcha sin agus go bhfuil comhpháirteanna plaisteacha á ndéanamh acu.

An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil aon díol nó ceannach ar na rudaí atá dhá ndéanamh acu? An bhfuil aon mhargadh ann dóibh?

Ó eolas atá le fáil agamsa, is mar seo atá an scéal. Bhí breis agus 100 ag obair sa mhonarcain tráth ach de na fostaithe a luadh nuair a freagraíodh ceist Dála ar an 19ú Feabhra níl ach 40 fágtha sa mhonarcain anois. Obair plaisteacha ar chonnradh atá ann—contract plastics processing—agus tá an 40 dume ag obair annsin. Fuair mé eolas breise ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil idirbheartaíocht a bhí ar siúl acu ar feadh cúpla seachtain le comhlucht eile críochnaithe anois agus tá sé socraithe go mbeidh comhlucht nua ann, go mbeidh Gaeltarra Éireann comhpháirteach le comhlucht Éireannaigh chun an mhonarca sin a chur ar aghaidh arís.

An bhfuil an tAire sásta go raibh obair fhónta ar síul sa mhonarca sin le cúpla mí anuas?

Níl. Mar adúras nuair a thug freagra annseo sa Dáil maidir leis an monarca céanna roimh Nollaig bhí fonn mór orm gach rud a dhéanamh chun na daoine a bhí ag obair ann a choiméad ag obair. Leis na socraithe atá déanta anois tá dóchas mór agam go mbeidh obair lánaimseartha le fáil ag na daoine atá ann.

Barr
Roinn