agusMr. Geoghegan den Aire Oideachais an bhfuil sé ï gceist aige an scoil náisiúnta i nDoire Bhó Riada, Sraith Salach. Contae na Gaillimhe, a dhúnadh; agus, má tá, cén fáth.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil i gContae na Gaillimhe.
Chomh fada siar leis an mbliain 1968, chinn mo Roinnse, géilleadh do iarratais a bhí déanta ag bainisteoir an dá scoil, Doire Mhór Iata agus Béal an Átha Fada, go ndéanfaí an dá scoil a chomhnascadh i bhfoirgneamh nua a tógfaí ar an Sraith Shalach. In aineoin gur scoil fíor-Ghaeltachta ceann amháin de na scoileanna sin, chuathas ar aghaidh leis na socraithe don chomhnascadh, agus tá an pointe sroiste anois ag a bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí ag breithniú tairiscintí le haghaidh tógáil an fhoirgnimh nua.
Agus na toscaí a bheith mar atá siad, áfach, tá treoir tugtha agam go ndéanfar an scéal a bhreithniú ó bhonn arís, féachaint an féidir socrú feiliúnach a dhéanamh le haghaidh oideachas na bpáistí atá i gceist, gan scoil fhíor-Ghaeltachta a dhíothú.
Cé mhéid paistí atá ag freastal ar an scoil i nDoire Mhór Iata?
Mr. R. Burke
Tá 35 nó mar sin, abair, ar an rolla agus tinnreamh de mheán, abair, 28 go 30 ann.
Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire an tsuim cheanna a chur sa scoil Ghaeltachta seo agus a chuir sé i scoil i nDún Chaoin.
Mr. R. Burke
Táim fíor-bhuíoch de na Teachtaí a chuir an rud seo os mo chomhair. Ach gur chuir na Teachtaí os mo chomhair é ní bhéadh a fhios agam go raibh an rud seo ar siúl.
Mar sin, b'fhéidir go mba cheart dom an cheist seo a chur ar an Aire: an bhfuil a fhios aige gur comhnascadh idir scoil Ghaeltachta agus scoil Ghalltachta atá i gceist?
Mr. R. Burke
Táim ag déanamh mo dhíchill anois ó chuireadh faoi mo bhráid é gan an scoil seo a dhúnadh in aon chor. Ní mise a chuir tús leis an gcomhnascadh.
An féidir a rá leis na tuismitheoirí anois nach ndúnfar an scoil i nDoire Mhór Iata anois agus nach gcuirfear iachall orthu a gcuid páistí a chur go dtí scoil nach bhfuil sa Ghaeltacht?
Mr. R. Burke
Is féidir a rá leo go bhfuil an cheist á breithniú anois ag an Aire don chéad uair mar nach raibh eolas aige go raibh an rud seo ar siúl agus is í toil an Aire nach ndúnfar an scoil ach ní féidir leis an Aire a rá sar a dtagann sé chun an breithniú.
An nglacfadh an tAire go bhfuil sé seo níos tábhachtaí ná an scoil i nDún Chaoin mar i nDún Chaoin bhí na gasúirí ag dul ó scoil amháin sa Ghaeltacht go dtí scoil eile sa Ghaeltacht——
Ní ceadaithe argóint a dhéanamh le linn Tráth na gCeist.
Tá an cheist seo an tábhachtach——
B'fhéidir, ach ní féidir argóint a dhéanamh.
Eolas atá uaimse.
Ní ceart argóint a dhéanamh le linn Tráth na gCeist.
Le do chead. An nglacfaidh an tAire nach ionann an dá chás mar i nDún Chaoin ba aistríu ó áit amháin sa Ghaeltacht go h-áit eile a bhí ann agus anseo is aistriú——
Mr. R. Burke
Ba cheart áthas a bheith ar an dTeachta go bhfuil an rud seo á dhéanamh agam anois agus gan díomá a bheith air. Maidir le Ceist a 76——
B'fhéidir go ligfidh an tAire don Teachta Molloy ceist amháin eile a chur maidir le Ceist a 75.
An leanfar ar aghaidh leis an scoil nua seo a thógáil? An dtógfaidh sé i bhfad ón Aire breith a thabhairt ar an gceist seo ar fad?
Mr. R. Burke
Sin ceist eile. Má leantar ar aghaidh leis an gcomhnascadh ní féidir na pleananna céanna a bheith ann.