d'Aire na Gaeltachta cad iad na pleananna atá aige chun tionscail a bhunú sna Rosaibh agus sa Chlochán Liath, Contae Dhún na nGall; agus an dtabharfaidh sé miontuairisc ar gach ceann díobh.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunú Tionscal.
Is ar Ghaeltarra Éireann atá on tAire ag brath chun fostaíocht a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta. Tá na ceantair a luaitear san áireamh agus tá an tAire sásta go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag Gaeltarra chun an tionsclaíocht a chur chun cinn iontu.
Measaim nár tugadh an t-eolas atá á lorg ag an Teachta Brennan. An bhfuil aon mhiontuairisc ag an Rúnaí Parlaiminte faoi céard atá socraithe don dá áit atá luaite sa cheist?
Ní ar an Aire a luíonn an dualgas ach ar Ghaeltarra. Tá beagáinín eolais breise agam agus b'fhéidir gur mhaith leis an dTeachta é a fháil.
Measaim go mba cheart é a chur ar fáil.
De réir mar tuariscítear domsa le bliain anuas tá Gaeltarra Éireann tar éis dul i gcomhairle áirithe chun dhá chomhthionscal nua a bhunú sna ceantair atá i gceist—monarcha próiseál éisc ceann amháin agus monarcha cniotála an ceann eile. Níl an tAire cinnte go fóill an n-éireoidh leis.