Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 23 May 1974

Vol. 272 No. 14

Ceisteanna—Questions. Oral Answers (Resumed). - Deontais Tithíochta sa Ghaeltacht.

57. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid oibritheoir a fuar deontais tithíochta tar éis filleadh dóibh ó thiortha iasachta le bliain go leith anuas, chun cónaí go buan sa Ghaeltacht.

Níl eolas mar sin ar fáil toisc nach gá é a bhreithniú faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).

Ag éirí as freagra an Aire, an abródh sé go bhfuil deontas faoi leith le fáil ag daoine faoi Roinn na Gaeltachta?

Mo Roinnse. Ní féidir an t-eolas sin a fháil sa Roinn toisc nach gá é a bhreithriú faoi na Achtanna. Sé sin, tagann na foirmeacha iarratais isteach i mo Roinnse ach níl aon cheist ar an bhfoirm sin maidir le oibritheoirí a filleadh ar ais ó Shasana nó áiteanna eile. Ach b'fhéidir go bhféadfainn an t-eolas sin a fháil ach suirbhéireacht a dhéanamh. Má theastaíonn ón Teachta é sin a dhéanamh iarraidh mé ar mo Roinnse suirbhéireacht a dhéanamh.

An rud atá i gceist agamsa ná go bhfuil daoine ag teacht abhaile ach nach bhfuil an Roinn sásta an deontas seo a thabhairt de bhrí nach bhfuil Gaeilge as na gasúirí. Cén chaoi go bhféadfadh Gaeilge a bheith ag gasúirí a thaganns abhaile ó Lonndain? Má táimíd ag iarraidh na daoine seo a mhealladh abhaile agus má theastaíonn uainn daoine a tógadh le Gaeilge a bheith sa mbaile sa Ghaeltacht measaim go mba cheart an deontas seo a thabhairt, agus is cuma a bhfuil Gaeilge ag na páistí nó nach bhfuil.

Mar is eol don Teachta do phléamar an cheist sin le déanaí anseo sa Dáil roimh Cháisc agus do chuir mé in iúl don Teachta ag an am sin go raibh mo Roinnse ag déanamh staidéir iomláin ar chásanna mar sin. Dúras ag an am sin go bhfuil scéim á ullmhú againn agus beidh an scéim sin ullamh sar i bhfad. Is mian liom a rá anois go bhfuil an scéim ullamh agus idirbheartaíocht ar siúl idir mo Roinnse agus an Roinn Airgeadais.

Barr
Roinn