Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 23 May 1974

Vol. 272 No. 14

Ceisteanna—Questions. Oral Answers (Resumed). - Páirceanna Imeartha Sa Ghaeltacht.

58. D'fhafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil ar intinn aige tuilleadh páirceanna imeartha agus ionad spóirt a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Ach iarratais a fháil ó choistí iontaofa ar dheontais chun tuilleadh saoráidí mar sin a chur ar fáil sa Ghaeltacht beidh áthas orm iad a bhreithniú go báúil.

An nglacfadh an tAire go mb'fhéidir go mba cheart dó féin an rud seo a thosnú gan a bheith fanacht le daoine eile? An nglacadh sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na háiseanna seo le fáil agus go mb'fhéidir go bhfuil dualgas ar an Aire iad a chur ar fháil.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil sé an tábhachtach ar fad agus tá eolas anseo agam. Tá deontais tugtha nó ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta chun páirceanna imeartha, cúirteanna leadóige, pinniúir liathróid láimhe, linnte snámha, agus rudaí mar sin a chur ar fáil ina lán áiteanna sa Ghaeltacht ach ar ndóigh, tá gá le tuilleadh acu. Chomh maith leis sin ní chuireann Roinn na Gaeltachta saoráidí mar sin ar fáil: fágtar faoi dhaoine áitiúla suim an phobail a spreagadh, pleananna a ullmhú, roinnt airgid a bhailiú agus cúram cothabhála na saoráidí a ghlacadh orthu féin. Bíonn fáilte roimh aon iarratas mar sin ar mhaithe le cainteoirí Gaeilge.

Ba mhaith liomsa a rá chomh maith go bhfuil deontais ceadaithe agam le deanaí do dhá ionad pobail. Tá ceann amháin i bhFanad i gCo. Dhún na nGall. Tá sé críochnaithe agus tá deontas ceadaithe agam le déanaí do ionad mar seo i Clonbur i gCo. na Gaillimhe. Ach aontaím go bhfuil gá le tuilleadh acu. Beidh fáilte roimh aon dream nó coiste paróiste a chuireann iarratas isteach.

Barr
Roinn