Coiste Airgeadais. Committee on Finance. - An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1974: Rún Airgid. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1974: Money Resolution.

Tairgim:

Go bhfuil sé oiriúnach cibé muirir ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus cibé íocaíochtaí as an gcéanna agus cibé íocaíochtaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a údarú is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon Acht a rithfear sa seisiún seo do leasú agus do leathnú na nAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1971.

I move:

That it is expedient to authorise such charges on and payments out of the Central Fund or the growing produce thereof and such payments out of money provided by the Oireachtas as are necessary to give effect to any Act of the present session to amend and extend the Gaeltacht Industries Acts, 1957 to 1971.

Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.

Question put and agreed to.
Tuairiscíodh agus aontaíodh an Rún Airgid.
Money Resolution reported and agreed to.
Cuireadh an Bille tré Chéim an Choiste, Tuairscíodh é gan leasú, agus glacadh é chun an Breithniú Deiridh a dhéanamh air.
Bill put through Committee. Reported without amendment and received for Final Consideration.
Cuireadh an cheist: "Go rithfear an Bille anois."
Question proposed: "That the Bill do now pass."

Níl mé sásta fós gur thug an tAire le tuiscint domsa i bhfoirm go bhféadfainn glacadh leis cén fáth go bhfuil an gá leis an airgead atá ag teastáil anseo. De réir mar a thuigimid go dtí an pointe seo tá Gaeltarra ag obair ar £6 mhilliún. De réir an Bhille seo, tá tuilleadh airgid ag teastáil uathu. Is maith liomsa gur mar sin atá ach tá £4 mhilliún ag teastáil uathu. Sin taobh amháin den scéal. Tá a fhios againn go mbeidh Gaeltarra Éireann ag imeacht roimh dheireadh na bliana seo b'fhéidir. Fágann sin go bhfuil £4 mhilliún le caitheamh idir seo agus deireadh na bliana. Ó 1971 tá an oiread sin oibre déanta acu leis an airgead breise a fuair siad ná gur féidir leis an Aire tuarascáil atá ansásúil ar fad a thabhairt. Céard tá déanta? Tá eolas uaim maidir leis an £4 mhilliún seo. Measaim nach féidir glacadh go ginearálta go gcaithfear é anseo ná ansiúd. Is mór an méid é £4 mhilliún. Teastaíonn uaimse eolas a fháil an bhfuil cuid den airgead sin geallta cheana féin do chomhlachtaí áirithe. An bhfuil ar intinn againn monarchana nua a thógáil nó céard tá i gceist a dhéanamh le £4 mhilliún idir seo agus deireadh na bliana? In éaghmais an eolais sin, caithfidh mise fanacht idir dhá linn sul ar féidir liom a rá go bhfuil mé sásta amach is amach aontú leis an gcaiteachas seo.

Sílim nach dtóigfeadh aon duine orm é. Ba bhreá liomsa agus ní aon airgead as mo phócasa é a rá bíodh agat, ach, mar adúirt mé níos luaithe sílim go bhfuil an dualgas seo orainn go léir a bheith cúramach agus a thaispeáint nach gcaitear airgead timpeall an Tí seo gan a bheith cinnte céard le n-aghaidh a bhfuil sé ag teastáil. Ní fhéadfaidh Aire ar bith eile a theacht isteach anseo agus a rá "tá £4 mhilliún ag teastáil uaim bíodh iontaobh agaibhse asam go gcaithfear i gceart é". Sílim dá dtiocfadh Aire ar bith eile isteach agus an scéal sin aige nach bhfuigheadh sé ón Teach seo an cead sin agus, mar sin, tá mé ag brú ar an Aire más féidir liom a dhéanamh. Tá gá le níos mó eolais a thabhairt. Abraíodh sé, más féidir leis a rá liom: "Feach cheana féin tá geallta ag Gaeltarra Éireann go dtabharfaidh siad £1 milliún do dhá chomhlacht atáa ag teacht isteach i nGort an Choirce go bhfuil £½ mhilliún eile geallta acu do chomhlacht atá ag teacht isteach i gCois Fharraige, go bhfuil £½ mhilliún eile geallta do chomhlacht a teacht i gCorca Dhuibhne". Bhuel! tuigfidh mise ansin go bhfuil sé chomh maith socrú £1 milliún eile a chur isteach san áireamh le haghaidh imeachtaí agus rudaí eile nach bhfuil luaite. Má tá airgead den chineál sin le dul timpeall, is féidir liomsa a mholadh do Ghaeltarra b'fhédir cén chaoi go bhféadfaí é chaitheamh agus sin é ábhar mo chainte.

Is cuma cén socrú atá déanta acu cheana féin, mholfainn go dtoghaidís, idir seo agus deireadh na bliana, abair beirt nó triúr eile as chuile Ghaeltacht atá ann agus go gcuirfidís oideachas agus traenáil faoi leith orthu agus, mar a dúirt Teachtaí eile anseo níos luaithe, go bhféadfaimis na daoine sin a chur, mar atá déanta cheana féin, ag obair ar son Gaeltarra ins na Gaeltachtaí agus go nglacfadh muintir na Gaeltachta agus muintir na háite annsin i bhfad i bhfad níos fusa leis an tuairim go raibh muid dúthrachtach faoi mhuintir na Gaeltachta as a son féin agus nach rabhamar dúthrachtach as an nGaeltacht nó as an nGaeilge de bhrí go raibh muide mar a dúirt Teachta eile níos luaithe —a fáil rud éigin as.

Tuigeann mise nach bhfuil an tAire ná aon duine eile anseo, ná aon duine sa Roinn ná aon duine i nGaeltarra agus an brabach sin acu. Os ag trácht ar mhuinín agus iontaobh atá muid ba mhaith liomsa go mbeimis ag teacht níos gaire don lá go mbeadh muid in ndon a rá le muintir na Gaeltachta: bhí sibh lag agus muide cinnte nach raibh sibh i ndon é dhéanamh sibh féin. Tá an lá sin imithe. Tá sibh beathaithe go maith anois agus mar chruthú air seo tá muide sásta na himeachtaí seo agus na dualgais sin a fhágáil fúibh féin. Má tá airgead le sparáilt anseo mholfainnse go gcuirfeadh muid de leataobh é nó go gcaithfeadh muid sa gcaoi sin é chun an oiliúint nó oiliúint níos mó a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ionas go mbeidís i ndon a ngnóthaí féin a stiúradh agus a dhéanamh.

Ach ag filleadh ar an bpoinnte a luaigh mé agus pointe an-tábhachtach é ó tháinig an príomh-Acht os comhair an Tí seo í 1957 go dtí an lá atá inniu ann nár chaith muintir Ghaeltarra ach £6 mhilliún, is é sin, ó 1957 go dtí 1974. Níor chaitheadar ach £6 mhilliún. Tá os ár gcomhair anois Bille ag iarraidh £4 mhilliún a chur ar fáil dóibh agus a fhios againn nach mór dóibh é go léir a chaitheamh roimh dheireadh na bliana.

Mar sin arís tá sé ráite, agus ba mhaith liom a athrá, go gcaithfidh an tAire—tá mise cinnte go bhfuil na pleananna seo ag Gaeltarra—níos mó iontaoibhe a chur sa rud seo, go gcaithfidh sé sinne a ghlacadh ar iontaobh agus nach ceart a bheith ag súil go mbeimis sásta muc a cheannach i mála. Ní fhéadfainn, a bheith, thar ceann na dTeachtaí atá ar an taobh seo, sásta le iarratas nó tairiscint ar bith ó Aire ar bith a cheadódh caiteachas £4 mhilliún idir seo agus deireadh na bliana gan níos mó eolais a bheith agam faoin gcaiteachas.

Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil mé ag tacú leis an Teachta Gallagher, leis an Teachta Cunningham, agus leis na Teachtaí eile a bhí ag iarraidh a chur i dtuiscint don Aire cé chomh tábhachtach is a bhí sé forbairt a dhéanamh taobh amuigh den gnáth-mhonarcha. Bhí mise ag caint le déanaí le fear óg ón Spidéal agus dúirt seisean liomsa gur thuig sé ó dhuine eicínt a labhair leis ar son an Aire Talmhaíochta, gurb amhlaidh, in ionad níos mó béim a chur ar scéimeanna ansin agus in ionad níos nó oifigigh a chur isteach ansin chun lámh chúnta a thabhairt do fheirmeorí na Gaeltachta, go raibh laghdú taghta ansin agus nach mbeadh feasta an oiread oifigeach ann agus an Ghaeilge acu agus a bhí ann deich nó fiche bliain ó shoin. B'fhéidir nach bhfuil ansin ach ráfla, ach tá mé ag tagairt dó mar go measaim go mba cheart do Ghaeltarra, atá ag obair mar sórt snaidhm idir na heagraíochtaí agus na córais eile atá ag gníomhú sa Ghaeltacht, féachaint chuige, go mór mhór agus muid anois sa Chomhphobal agus airgead le fáil ón Chomhphobal le haghaidh áiteacha cosúil leis an Ghaeltacht, gur chun tosaigh a bheas muid agus an t-airgead seo ghá chaitheamh. Ba cheart nach ndéanfaimis dearmad go bhfuil feirmeoirí, de chineál áirithe, admhaím, sa Ghaeltacht, go bhfuil iascairí sa Ghaeltacht, agus go mb'fhéidir gur fearr na cúramaí sin a chur faoi Ghaeltarra agus gan iad a fhágáil faoi na Ranna a bhfuil a gcúram orthu faoi láthair.

Dúradh níos luaithe agus sílim go raibh áthas orainn go léir nach raibh an iomad seafóide ná mórán den phoilitíocht grána ag baint leis an méid a bhí dhá rá anseo maidir leis an nGaeltacht. Cé go dtiúrfainn pardún don Teachta Ó Cuagáin, ní bheinn sásta an pardún sin a thabhairt don Aire Oideachais. Tháinig sé isteach anseo agus shílfeá nár thosaigh saorú na Gaeltachta go dtí gur tháinig an Rialtas nua i réim. Bíonn gach duine lághach go dtí go dtéann an bhó ina gharraí féin agus ní maith le duine a mhaide a ligean le sruth. Bheinnse ag súil le níos mó ó Aire Oideachas. Sa liodán a lua sé faoi na rudaí breá a tharla ó tháinig sé féin i réim maidir leis an Ghaeltacht, an t-aon rud amháin nár lua sé ná an fógra a rinne sé féin maidir leis na cláracha teilifíse a bhí sé le chur ar fáil i measc dáltaí na Gaeltachta.

Thagair sé freisin—agus shífeá gurb iad muintir Fhianna Fáil a bhí i gceist aige—do na daoine a bhí ag rá roimh dhul isteach sa Chomhphobal dúinn nach mairfeadh an Ghaeltacht ná an Ghaeilge agus muid sa Chomhphobal. Do réir dealraimh, ní aithníonn sé a chomhluadar nua, mar is iad na daoine a bhí chun tosaigh ag rá nach raibh sé de mhianach i muintir na hÉireann an dúlán nua a bhí ag bagairt a sheasamh, ná an tAire Poist agus Telegrafa, an tAire Tionscail agus Tráchtála atá ann faoi láthair agus a shuíonn in aice leis chuile sheachtain. Sin iad na daoine nach bhfuil muinín acu as muintir na Gaeltachta nó as muintir Ghaeltarra nó as muintir na hÉireann, mar sin iad na daoine a bhíonn i gcónaí ag breathnú ar mhuintir na hÉireann trí shúil na banríona. Tá súil agam go gcuirfidh Gaeltarra Éireann agus muintir na hÉireann ina n-aghaidh mar sin iad na daoine a bhfuil ar intinn acu amach anseo dearcadh na banríona a chur os comhair mhuintir na Gaeltachta.

Ní maith liom críochnú ar nóta den chineál seo, ach, nuair a thagann comhalta den Rialtas seo os mo chomhair ag iarraidh go nglacfainnse uaidh nach raibh suim ar bith ag aon duine i rudaí atá Gaelach nó nach raibh suim ar bith ag éinne ón taobh seo i muintir na Gaeltachta go dtí gur tháinig sé féin agus a chomhluadar i réim, is deacair cur suas leis.

Ag teacht ar ais go dtí rudaí a bhfuil níos mó spéise agamsa iontu agus is taitneamhaí liom, cuirim arís an cheist sin ar an Aire atá, glacaim, níos dúthrachtaí b'fhéidir ná mé féin maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeltacht.

Is fear é an tAire ar éirigh leis ar a laghad súile mhuintir na hÉireann a iompó air fhéin agus ar an Ghaeltacht agus is rud thar a bheith tábhachtach é sin agus sa mhéid sin tá mise sásta an chreidiúint sin a thabhairt don Aire atá ann anois. Nuair a smaoinimid ar an gcomhluadar atá aige, agus a fhios agam faoi na slabhraí agus na ceangail agus na srianta b'fhéidir atá air san gcomhluadar sin is amhlaidh is mó a ghlacaimse leis an dualgas atá orm cabhrú leis san leanúnachas atá ann sa dea-obair seo ar cuireadh tús leis na blianta ó shin nuaír a bhí daoine cosúil leis an Uasal Risteárd Ó Maolchatha anseo, nuair a bhí daoine cosúil le Proinsias Mac Aodhagáin anseo, cosúil le Micheál Ó Móráin agus leis an IarThaoiseach, Séan Ó Loingsigh, daoine gur theastaigh uathu an t-aitheantas seo a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta mar gurb ann atá scathán gach duine againn.

Ní dóigh liom go bhfuil gá le freagra iomlán. Maidir leis an £4 mhilliún ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta gur caiteachas caipitiúil ar fad atá i gceist anseo agus go gcaithfear an t-airgead ar fhoirgnimh agus ar ghléasanna do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin. Caithfear an t-airgead ar scaireanna i gcomhlachtaí a bheidh á reachtáil ag Gaeltarra agus daoine eile i gcomhairle lena chéile. Is mar sin a chaithfear an £6 mhilliún.

Mar a dúirt an Teachta, b'fhéidir nach bhfuil aon ghá leis an £4 mhilliún. B'fhéidir go ndéanfadh £2 mhilliún nó £3 mhilliún an gnó. Mar a dúras, b'fhearr liomsa a chinntiú anois go mbeadh go leor airgid ag Gaeltarra idir Mí Bealtaine agus Nollaig. Beidh sé sin i bhfad níos fearr ná bheith ag teacht ar ais le Bille eile chun an tsuim a ardú go £6 mhilliún, b'fhéidir, nó mar sin. Obair leanúnach atá ar siúl i bhforbairt na Gaeltachta agus nuair a bunófar Údarás na Gaeltachta leanfaidh sé ar aghaidh le Gaeltarra. Aon chuid den £4 mhilliún nach gcaitear beidh sé fágtha don Údarás nua Gaeltachta.

Maidir leis an bpointe ginearálta a ndearna an Teachta Tunney tagairt dó, maidir le eolas i dtaobh imeachtaí na gcomhlachtaí Stáit, bíonn deacrachtaí ann agus is cuimhin liom go maith nuair a bhí mise i mo shuí ar an suíochán sin agus mé i mo phríomhchainteoir thar ceann mo pháirtí ar chúrsaí Iompair agus Cumhachta, gur thuig mé go raibh sé deacair. Rud amháin maidir leis an £4 mhilliún, cé nach gcaithfear an £4 mhilliún go léir roimh seo agus Nollaig, le déanaí tá cuid mhaith tionscail mhóra curtha ar bun ag Gaeltarra. Tá cúpla ceann eile ar bealach faoi láthair a chosnóidh thar £1 mhilliún. Do ceadaíodh tionscail i gCill Chártha i gContae Dhún na nGall i mí Eanáir seo ar chostas £1.4 mhilliún. Is fearr bheith cinnte go mbeidh go leor airgid ag Gaeltarra idir é seo agus Nollaig, agus aon airgead a bheidh fágtha beidh sé ar fáil d'Údarás nua na Gaeltachta.

Ar mhiste leis an Aire agus é ag caint le lucht Gaeltarra a mhíniú dóibh nach iad fhéin a bhí i gceist agam maidir le labhairt na Gaeilge. Bhí mé ag trácht ar an dualgas a bhí orthu faoi Ghaeilge a scaipeadh ar fud na Gaeltachta go hiomlán.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

D'ordaíodh an Bille a chur chun an tSeanaid.

Is Bille Airgid an Bille seo faoi Airteagal 22 den Bhunreacht.