Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jul 1974

Vol. 274 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Iocaíocht Deontais.

60. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cén fáth nár íocadh ach deontas £70 i leith duine (ainm tugtha) atá ina scoláire i gColáiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo; agus an bhfuil sé sásta an fuílleach £65 a íoc mar is cóir.

Mr. R. Burke

íoctar £70 sa bhliain mar chúnamh aíochta i leith gach dalta ó oileán atá ina dhalta aitheanta i meánscoil aíochta nach mó an táille iomlán aíochta inti ná £165 sa bhliain. Is féidir cúnamh de bhreis ar sin— suas go £65 p.a.—a íoc i leith an dalta faoi réir téist acfuinne. De réir na fianaise a tugadh sa chás seo bhí ioncam na dtuismitheoirí ós cionn an teora acfuinne cuí don bhliain 1973-74 agus dá réir sin ní raibh an cúnamh breise in íoctha ina leith.

An bhféadfadh an tAire cur in iúl dom cén teorainn atá ar an ioncam seo?

Mr. R. Burke

Sé an uasteorainn i leith na scoilbhliana 1973-74 ná £1,000 in aghaidh na bliana.

Barr
Roinn