Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Jan 1975

Vol. 277 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Bord Gaeilge.

15. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén chaoi a bhfuil an scéal faoi láthair maidir leis an mBord Gaeilge atá geallta aige.

Bunófar Bord na Gaeilge ar bhonn ad hoc go han-luath anois.

Is áthas liom é sin a chloisint. An bhféadfadh an Aire a rá céard atá i gceist aige nuair a deireann sé "go han luath"? An mbeidh sé seachtain, nó mí, nó bliain?

Táim ag súil go mbeidh mé in ann an bord a bhunú ar an 27ú den mhí seo—seachtain ó inniu.

Barr
Roinn