Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Jan 1975

Vol. 277 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

16. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén chaoi a bhfuil an scéal faoi láthair maidir leis an Údarás Gaeltachta atá geallta aige.

Táan obair ag dul ar aghaidh don Bhille a thabharfar os comhair na Dála.

An aontódh an tAire liom go raibh, b'fhéidir, gá níos géire le hÚdarás na Gaeltachta nó le Bord na Gaeilge agus go mba cheart an tÚdarás a bhúnu níos luaithe?

Bhí mé in ann dáta a thabhairt don Teachta i dtaobh Bord na Gaelige ach is oth liom a rá nach bhfuil mé in ann dáta a thabhairt dó i dtaobh an tÚdarás. Tuigfidh an Teachta nach fuirist an rud é an Bille seo a uilmhú mar níl aon eagras sa Stáit, chomh fada agus is eol dom, cosúil leis an eagras a bheidh ann— cineál community development, foirbairt agus rudaí mar sin. Cheap mé coiste beag cúpla mhí ó shoin chun moltaí a thabhairt dom maidir leis an Bille agus maidir leis an scéim tóghacháin do choistí áitiúla. Tá an obair sin déanta agus tá na moltaí agam. Chomh maith leis sin, mar adúras i ndeireadh Mhí na Samhna nuair a bhí ceist ag an Teachta, bhí dréacht an Bhille curtha mór-thimpeall na Rannaí Stáit. Dúras go raibh mé ag feithimh le moltaí nó tuairimí ó Airí Stáit. Tá áthas orm a rá anois go bhfuil na tuairimí sin agam agus is féidir liom a rá ag an bpoinnte seo go bhfuil an cuid is mó den obair— preparatory work—déanta agus tá súil agam go mbeidh mé in ann sul i bhfad dréacht an Bhille a chur os comhar an Rialtais. Tá súil agam go mbeidh an Bille os comhar na Dála an tréimhse seo.

Tá ceist amháin eile agam. Más mar sin atá an scéal, b'fhéidir nach raibh sé ceart a rá blian ó shoin go mbeadh a leithéid ann. Tá muintir na Gaeltachta, de bhrí gur lua go mbeadh sé ann, sa slí go bhfuil saghas díoma ag teacht orthu nár tháinig an tÚdarás go fóill. Is saghas moladh é sin, níos mó ná ceist. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr amach anseo gan rudaí mar sin a fhógairt ró luath roimh ré.

Bím ag foghlaim gach lá. B'fhéidir gur fhógair mé é ró luath. B'fhéidir gur cheap mé ag an bpoinnte sin nach mbeadh an obair ar an mBille chomh deacair. Tá fonn mór orm, mar atá ar an Teachta, go mbunófar an tÚdarás ar an eagras is fearr atá ann—an t-eagras is fearr do mhuintir na Gaeltachta. Tá a lán poinntí deacra ann nach raibh fhios agam fútha ag an am sin. Táim sásta leis an dul chun cinn agus leis an cuma.

Barr
Roinn