Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Jan 1975

Vol. 277 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscail do Chontae Mhuigeo.

28. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil ar intinn ag Gaeltarra Éireann aon tionscal a bhunú i gCeathrú Thaidhg, Contae Mhuigheo.

29. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil ar intinn ag Gaeltarra Éireann aon tionscal a bhunú i Ros Dumhach, Contae Mhuigheo.

Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 28 agus Ceist a 29 le chéile.

Tá fonn mór ar Ghaeltarra Éireann tionscail oiriúnacha a thabhairt isteach sa dúiche atá i gceist agus, mar chabhair chuige sin, tá beartaithe réamh-mhonarcha a thógáil i gCeathrú Thaidhg go luath. Chomh maith leis sin bíonn cúnamh fial le fáil ag muintir an cheantair ar mhaithe le miontionscail dá gcuid féin. Beidh réamhmhonarca sa gCeathrú Thaidhg ach níl aon phlean ag Gaeltarra chun monarcha a chur ar fáil i Ros Dumhach.

An bhfuil eolas ag an Aire nó ag Gaeltarra Éireann go bhfuil fonn ar tionscleoir dul isteach le tionscail a bhunú i Ros Dumhach nó i gCeathrú Thaidhg?

Mar adúras, tá pleananna ag Gaeltarra faoi láthair, ach rachaidh mé i gcomhairle leo maidir le Ros Dumhach.

Sílim gurb é atá i gceist ag an Teachta ná an bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil sé ar intinn ag aon chomhlacht nó aon duine dul isteach chun monarcha a bhunú.

Réamh-mhonarcha atá i gceist anseo.

Níl aon eolas faoi éinne atá ag dul isteach?

Níl, ach tá sé beartaithe réamh-mhonarcha a thógáil. Féachaidh mé isteach sa scéal maidir le Ros Dumhach.

Barr
Roinn