Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Jan 1975

Vol. 277 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais do Nuachtáin Ghaeilge.

30. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard iad na nuachtáin Ghaeilge atá ag fáil deontas óna Roinn.

Dhá nuachtán atá i gceist—Inniu agus Amárach—agus íoctar deontais freisin leis na tréimhseacháin seo a leanas:—Agus, An Timire, An tUltach, Comhar, Deirdre, Feasta agus Tír na nÓg, mar aon le hirisí áitiúla Gaeltachta.

An bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil cuid de na nuachtáin seo nach bhfuil in ann dul ar aghaidh, agus ó tharla go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh páipéar den chineál seo ag muintir na Gaeltachta, an bhfuil sé sásta breis airgid a thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh?

Chun an scéal a mhíniú go soiléir, tá na figiúirí anseo don deontas atá ag dul do gach ceann des na tréimhseacháin seo, agus más mian leis an Teachta tabharfaidh mé na figiúirí sin. Méadaíodh an deontas i 1974 don chuid is mó de na tréimhseacháin seo. Méadaíodh an deontas do Amárach agus Inniu.

Tuigtear domsa nach mbeidh Amárach ann muna bhfuil denotas breise le fáil. An bhfuil aon súil go mbeidh cabhair airgid faoi leith le fáil dó?

Tá a fhios agam go bhfuil poiblíocht sna páipéir agus ar an radio agus mar sin de maidir le Amárach, ach níl aon cheist agam inniu maidir le Amárach. Mar sin féin, méadaíodh an deontas do Amárach 50 f.c. i rith dhá bhliain. Táim ag féachaint ar an scéal faoi láthair agus b'fhearr liomsa nach gcuirfeadh an Teachta ceist síos anseo i dtaobh an nuachtán Amárach, agus míneoidh mé don Teach an scéal go léir.

Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire féachaint isteach sa cheist seo arís. Tuigeann an tAire chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh an páipéar ann agus nuacht áitiúil ann. Má tá baol ann—agus do réir gach dealraimh tá—go rachaidh an páipéar seo as ar fad, sílim gur fiú don Aire iarracht a dhéanamh é a choimeád beo.

An bhfuil an t-ardú deontas a lua an tAire ar aon dul leis an ardú costais clódóireachta agus eile a bhaineann le nuachtáin?

Sé an fhadhb ná nach bhfuil an t-eolas agam.

Barr
Roinn