den Aire Saothair cé mhéid de chuid an Chiste Shóisialta atá caite (a) sna Gaeltachtaí ar fad agus (b) i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ciste Sóisialta.
47. D'fhiafraigh
Sna blianta 1973 agus 1974 ceadaíodh deontaisí a bhaineann go sonrach le ceantracha Gaeltachta de £250,290 do Ghaeltarra Éireann agus £144,789 do AnCO don ionad oiliúna i nGaoth Dobhair. As an iomlán tá £220,234 íochta ag an gciste.
As an méid a ceadaíodh do Ghaeltarra Éireann baineann £12,350 le gníomhaíochtaí i nGaeltacht Mhaigh Eo agus tá £5,850 de sin íochta.