Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Apr 1976

Vol. 289 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice Mhaigh Eo.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon tuairim aige cén uair a bheas aerstráice Iorrais, Contae Mhaigh Eo faoi lán seoil.

15. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá á dhéanamh le haerstráice a chur ar fáil in Acaill, Contae Mhaigh Eo.

Tuigim go bhfuil na socraithe ag dul ar agaidh cun aerstráice a chur ar fáil ins na ceantair sin. Ní féidir a rá faoi láthair cén. uair a bheidh na haerstráicí faoi lánseol.

An féidir leis an Aire a rá ar ceannaíodh aon talamh nó céard iad na socraithe atá déanta go dtí seo leis na haerstráicí a chur cun cinn?

Tuigim go bhfuil Gaeltarra Éireann i gcomhairle leis na coistí áitiúla san da cheantar agus go bhfuil láithreán oiriúnach cóngarach do Bhéal an Mhuirthid agus láithreán eile i gceantair Acla ar fáil agus tá Gaeltarra i gcomhairle leis na coistí áitiúla maidir leis na socraithe. Is iad seo na socraithe atá le déanamh— láithreáin a fháil ar an gcéad dul sios, ansin teideal a ghlanadh agus ansan cead d'fháil ón Roinn Iompair agus Cumhachta agus mar sin de. Nuair a bhí mé i gceantar Acla i rith na deireadh seachtaine bhí mé ag caint le hionadaí ón gcoiste áitiúil agus tugadh le tuiscint dom go raibh na socraithe ag dul ar aghaidh go sásúil.

An féidir leis an Aire a rá an mbeidh páirt ar bith ag Aer Árann sa comhlacht a beidh i mbun na hoibre?

Tuigim go mbeidh.

An féidir leis an Aire a dheimhniú nó tuairim ar bith a thabhairt cén uair a bhéas tus curtha leis an obair seo?

Faoi mar adúras níl a fhios agam cén uair a bheidh tús curtha leis. Ach lig dom an scéal a mhiniú go soiléir faoin gcomhlacht a bheidh i mbun an aerstráice—rinne an Teachta tagairt do sin—cinnte bheidh baint ag Aer Árann leis an aerstráice mar is e Aer Árann a bheidh i bhfeidhil na seirbhísí a bheidh ag dul isteach ann. Tá súil agam go mbeidh comhairle áitiúil i mbun an aerstráice.

Ceist a 15 ón Teachta céanna.

Faoi thionscadal na talún agus scéim na bhfoirgneamh feirme tá deontais sean-cheadaithe á n-íoc go fóill ach tá deireadh le deontais nua.

Faoin scéim do na limistéir atá faoi mhíbhuntáiste——

Gabh mo leithscéal, a Aire. An í Ceist a 15 nó Ceist a 16 atá a freagairt ag an Aire?

Gabhaim pardún leat, a Cheann Comhairle. Thóg mé ceist a 14 agus ceist a 15 gan cead a fháil uaitse.

Ceart go leor. Ceist a 16 anois.

Barr
Roinn