Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice Inis Thiar.

16. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an aerstráice atá leagtha síos in Inis Thiar, Árainn, Contae na Gaillimhe.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid atá caite leis an aerstráice nua a chur ar fháil in Inis Thiar, Árainn, Contae na Gaillimhe.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceist a 16 and Ceist a 17 le chéile.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil £57,000 caite acu chun an t-aerstráice sin a chur ar fáil agus go n-iarrfar ar an Roinn Iompair agus Cumhachta ceadúnas a thabhairt chun é a úsáid a luaithe a bheidh an féar atá curtha air ag fás go tiubh.

An bhfuil an tAire sásta leis an aerstráice?

Is gnó don Roinn Iomphair agus Cumhachta a bheith sásta le haerstráice. Ní gno é do Roinn na Gaeltachta. Is gnó an Roinn Iompair agus Cumhachta an aerstráice a scrúdú agus ceadúnas a thabhairt. Ní heol dom aon chúis nach mbeadh an Roinn sin sásta leis an aerstráice in Inis Thiar nuair a bheidh féar go leor ag fás air.

Tá £57,000 caite ag Roinn na Gaeltachta ar aerstráice a chur síos ar ghaineamh. An bhfuil an tAire sásta leis an aerstráice fé mar atá sé faoi láthair taréis an méid sin airgid a chaitheamh air?

Aontáim go bhfuil fadhbanna ann agus is cuimhin liom gur chuir an Teachta an cheist chéanna orm anuraidh cé acu aerstráice bog nó aerstráice crua is fearr. Nuair a bhíomar ag déanamh na sochraithe chun an aerstráice a chur síos in Inis Thiar d'iarras ar Ghaeltarra Éireann meastachán a fhail ar an gcostas, Se an meastachán a fuair mé an t-am sin £50,000—sé an figiúir ceart anois £57,000—chun aerstráice féir nó bog a chur síos ach go gcosnódh sé an t-am sin £200,000 chun aerstráice crua a chur síos. Sin £50,000 i gcompáráid le £200,000. Chomh maith leis sin, rinne mé fiosrú in Albain agus ar an Mórroinn agus táim sásta ón gcomhairle a fuair mé go bhfuil na haerstráicí fearaí sáscúil go leor.

An bhfuil aon fhéar air?

Cinnte. Tuigim go bhfuil an féar ag teacht ar aghaidh go han-mhaith.

Agus gach aon duine sásta leis?

Ceist eile anois.

Barr
Roinn