Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Praghas Leictreachais.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta deontas speisialta a chur ar fáil chun praghas an leictreachais ar Oileáin Árann a laghdú.

Ní raibh i gceist riamh deontas leanúnach den saghas sin a chur ar fáil. Is amhlaidh a sheasann mo Roinnse an costas caipitil chun córas leictreachais a bhunú ar oileáin áirithe Ghaeltachta lena reachtáil ag comharchumainn ar an tuiscint go mbeidh na hoileánaigh féin sásta an costas a bhainfidh le soláthar an leictreachais ina dhianfidh sin a ghlanadh.

An fíor go bhfuil costas leictreachais ar Oileán Árann trí huaire níos daoire ná mar atá ar an mórthír? An fíor é sin?

Tuigim go bhfuil na costaisí níos aoirde.

An fíor é nó nach fíor?

Tuigim go bhfuil na costaisí níos aoirde ar na hoileáin——

Trí huaire níos daoire?

Phlé mé an cheist sin go hiomlán le hionadaí óna hoileáin Ghaeltachta i nGáillimh le déanaí agus chuir mé in iúl dóibh nach raibh i gceist ag an bpointe seo deontas speisialta a thabhairt go dtí go mbeidh an leictreachas curtha ar fáil i ngach oileán Gaeltachta, gurab é an priority a bhí ag mo Roinnse ná an leictreachas a chur ar fáil in Inis Meáin agus in Inis Bó Finne i Contae Dhún na nGall. Nuair a bheidh soláthar leictreachais ar gach oileán Gaeltachta féachfaidh mé isteach sa scéal sin le deontas speisialta.

Is í an cheist a chuir mé ná an bhfuil sé trí huaire níos daoire costas an leictreachais ar na hoileáin ina bhfuil sé ar fáil acu cheana féin?

Níl na figiúirí sin agam. Dúirt na daoine óna hoileáin go raibh na costaisí níos mó ins na hoileáin.

Cinnte ach tá sé i bhfad níos mó ná an costas ar an mórthír. Tá an costas chomh mór sin go bhfuil sé an-deacair ar na daoine ar na hoildáin ioc as.

D'fhreagair mé go dtuigim go bhfuil na costaisí níos aoirde. Níl na figiúirí anseo agam ná ní raibh na figiúirí sin ag teastáil ón Teachta nuair a chuir sé an cheist síos. Admhaím ón eolas atá ar fáil agus ón méid a chuala mé óna hionaidi ó na hoileáin Ghaeltachta i nGaillimh mí ó shin go raibh na costaisí níos mó ach níl figiúirí agam anseo.

Ar dhúirt an tAire leis na daoine sin go ndéanfadh sé an t-iarrastas seo chun an deontas a chur ar fáil a bhreithniú agus an bhfuil sé ag rá inniu nach bhfuil sé sásta é a bhreithniú go dtí go mbíonn an leictreachas fáite ag na hoileáin Ghaeltachta eile?

Mhínigh mé an scéal go soiléir nach raibh sé i gceist ag an bpointe seo deontas speisialta a chur ar fáil go dtí go mbeidh soláthar leictreachais ag gach oileán Gaeltachta agus nuair a bheidh sin déanta go bhféachfaidh mé isteach i scéal an deontais.

Má chuireann an tAire an deontas seo i bhfeidhm uair éigin, an mbeidh sé ar fáil ag gach oileán agus i gcomhair gach saghas leictreachais?

Níl aon fhreagra oifigiúil agamsa do na hoileáin Ghalltachta faoi láthair. Tá mé ag caint faoi na hoileáin Ghaeltachta.

Agus gach saghas leictreachais?

Barr
Roinn