Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dúnadh Monarchan.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth go bhfuil an mhonarcha in Árann Mhór dúnta anois ó tharla gur osclaíodh í den chéad uair tamall gairid ó shin.

20. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén sórt oibre a bheidh ar fáil do na daoine a chaill a bpoist nuair a dúnadh an mhonarcha in Árann Mhór le déanaí.

Le cead an Ceann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 19 agus Ceist a 20 le chéile.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gurb amhlaidh a chabhraigh siad leis an miontionscal sin gan páirt a ghlacadh ann agus, dá réir sin, nach raibh baint dhíreach acu lena reachtáil. Síltear gur fáthanna pearsanta a bhí le dúnadh na monarchan.

Measann Gaeltarra go bhféadfadh duine eile tionscal den saghas céanna a reachtáil go héifeachtach sa mhonarcha agus tá dóchas acu go n-éireoidh leo teacht ar dhuine mar sin a chuirfidh an obair ar fáil athuair.

Ar mhaith leis an Aire na fáthanna pearsanta a lua go poiblí?

Ah, now. Ós rud é gur miontionscal agus tionscal príomhaídeach atá ann, ní cóir dom fáthanna pearsantha a lua go poiblí sa Dáil.

Barr
Roinn