Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bunú Tionscail.

29. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag Gaeltarra Éireann le tionscail a bhunú in Iorrus, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil breis agus 450 duine ag obair faoina scáth i nGaeltacht Mhaigh Eo—i dtionscail a bhíodh á reachtáil ag Gaeltarra féin, i gcomhthionscail ina bhfuil scaireanna acu agus i miontionscadail lenar chabhraigh siad.

Chomh maith leis sin tá cabhair ceadaithe ag Gaeltarra do thionscail ina bhfuiltear ag súil le 78 bpost breise agus tá idirbheartaíocht ar siúl do thograí eile ar a n-áirítear ceann amháin a d'fhéadfadh 100 post eile nua a chur ar fáil.

Barr
Roinn