Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 1 Jul 1976

Vol. 291 No. 15

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas Deisiúcháin.

30. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth go bhfuil moill ar dheontas deisiúcháin a íoc le duine (ainm tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Ní féidir moill éigin a sheachaint leis an obair chigireachta sa chontae sin faoi láthair ó tharla nár líonadh an folúntas do chigire tithe san iarthar go fóill. Ina theanna sin ní raibh an t-iarratasóir ar fáil nuair a chuaigh cigire chun cainte leis.

Cen uair a chuaigh an cigire chun cainte leis an duine seo? An bhfuil sé i bhfad ó shin?

Mar is eol don Teachta, phle mé an cheist seo leis go pearsanta.

Dhá mhí ó shin?

Sea. Bhí mé sásta go mba chóir an t-iarratas seo a athbhreithniú nó a athscrúdú. Admhaím go raibh moill ann ach mar sin féin tá deá-scéala agam le hinsint don Teachta. Tá gach rud ullamh anois chun an deontas a cheadú.

Barr
Roinn