d'Aire na Gaeltachta cad é iomlán na ndéantús agus na bpost faoina chúram a chuaigh in éag ó 1 Aibreán, 1973, go 15 Deireadh Fómhair, 1976.
Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Déantúis Ghaeltachta.
Tuigim ó Ghaeltarra Éireann nach bhfuil córas i bhfeidhm faoina bhféadfaí teacht go tapaidh ar eolas cruinn faoi gach duine a bhí ag obair i ndéantús a chuaigh in éag agus nach bhfuil ag obair anois i ndéantús atheagraithe nó i dtionscal eile san ionad céanna nó cóngarach dó.
Tá iarrtha agam ar Ghaeltarra oiread eolas agus is féidir a chur le chéile agus, má chuireann an Teachta ceist eile síos i gceann seachtaine, tabharfaidh mé an t-eolas sin dó.
Tuigfidh an tAire nár chuir mise aon cheist faoi thionscail atheagraithe. Chuir mé ceist faoi na tionscail a chuaigh in éag agus faoi iomlán na bpost a chailleadh.
Níor usáid an Teachta an focal "tionscal" sa cheist. D'úsáid sé an focal "déantús".
Bhéinn ag súil go bhfaghainn eolas ar an cheist a chuir mé.
Dá n-úsáideadh an Teachta an focal "tionscal" ní bhéadh aon fhadb ann. Séard a thárlaíonn ná uaireanta tagann athrú ar dhéantús agus uaircanta eile tagann athrú ar an chomhlact a bhí á reachtáil. Sin í an deacracht atá ann. Cuir i gcás an monarchan CP Plastics a bhí ar an Cheathrú Rua i 1973. Bhí 96 daoine fostaithe ann. Theip ar an n-déantús sin, agus fós tá déantús plasticí ar siúl san fhoirgneamh céanna agus tá 240 fostaithe ann. Bhí athrú ar na hearraí a bhí á dhéanamh ach——
An dtiocfadh leis an Aire a mhíniú dúinn cad é an difríocht idir déantús agus tionscal?
B'fhéidir nár thuig an Teachta cad dúirt mé. Séard a rinne mé ná iarraidh ar Ghaeltarra Éireann eolas cruinn a chur ar fáil i dtaobh gach tionscail sa Ghaeltacht a bhaineann don tréimhse ó 1 Aibreán 1973, go dtí 15 Deireadh Fómhair, 1976, agus beidh an t-eolas sin ar fáil.
An féidir leis an Aire a rá go gcomhraíonn sé mar phost nua an post a chaill an duine i ndéantús agus a fhaghann sé sa déantús nua?
Sin ceann de na deacrachtaí a bhí ann. Tá sé iarrtha agam ar Ghaeltarra eolas cruinn a chur ar fáil a thaispeánfeadh go díreach uimhir na bpostanna a chaill na daoine atá fostaithe anois agus uimhir na ndaoine nach bhfuil fostaithe anois agus a bhí fostaithe, cuir i gcás, sa mhonarcha ar an Cheathrú Rua a luaigh mé.