Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Apr 1978

Vol. 305 No. 6

Written Answers. - Gaeltara Éireann.

465. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) an líon monarchan, agus a n-ainmneacha agus a suíomh i nGaeltacht Chonamara ar le Gaeltarra Éireann iad (b) an líon monarchan, agus a n-ainmneacha agus suíomh, i nGaeltacht Chonamara ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra Éireann (c) an líon oibrí atá fostaithe i ngach monarcha díobh (d) an líon bainisteoirí, agus a n-ainmneacha, atá ag feidhmiú i ngach monarcha thar cheann Ghaeltarra Éireann agus (e) an líon gluaisteán comhlachta atá in úsáid ag gach bainisteoir díobh.

466. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) an líon oibrí atá fostaithe in ardoifig Ghaeltarra Éireann sna Forbacha (b) an líon bainisteoirí, agus a n-ainmneacha, atá ag feidhmiú ón ardoifig agus (c) an líon gluaisteán comhlachta atá in úsáid ag gach bainisteoir acu.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna 465 agus 466 le chéile. Tá eolas áirithe á chur le chéile agus tá súil agam go mbeidh sé agam i gceann seachtaine má chuirtear na ceisteanna síos arís.

Barr
Roinn