Le cead an Cheann Chomhairle, tógfaidh mé Ceist Uimh. 41 agus Ceist Uimh. 42 le chéile.
Is ar mo Roinnse a thiteann an caillteanas ar an tseirbhís sin—breis agus £25,000 sa bhliain ar an meán le cúpla bliain anuas—cé nach seirbhísigh phoiblí foireann an bháid. Níl baint ag an bpá a íoctar leo le pá aon ghráid sa tseirbhís phoiblí. Tugadh na gnáthmhéaduithe dóibh faoi chomhaontuithe náisiúnta.
I dteannta leis na gnáthmhéaduithe faoin Comhaontú ar Bheartas Pá tá méadú pá agus feabhsú i gcoinníollacha fostaíochta á lorg ag an bhfoireann. Táimse sásta go gcuirfí an cás faoi bhráid na Cúirte Oibreachais ach ba mhaith liom go mbeadh sonraí a iarradh maidir le reachtáil na seirbhíse ar fáil.