d'Aire na Gaeltachta an bhfuil tuarascáil Choiste na gComharchumann faighte aige go fóill.
91. D'fhiafraigh
Vol. 331 No. 12
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil tuarascáil Choiste na gComharchumann faighte aige go fóill.
91. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige tuarascáil Choiste na gComharchumann a fhoilsiú go luath.
92. D'fhiafraigh
d' Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige go rachaidh Roinn na Gaeltachta agus Udarás na Gaeltachta i gcomhairle le Irish Co-operative Organisation agus le AnCO chun cúrsaí oiliúna feiliúnacha a leagan amach agus a chur ar siúl do Comharchumainn na Gaeltachta.
93. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige féin nó ag Údarás na Gaeltachta go mbunódh an tÚdarás fochomhlacht a bheadh mar Chomhlacht Infheistíochta do na Comharchumainn.
Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh sé Ceisteanna 90 go 93 le chéile.
Fuair mé tuarascáil ón gcoiste a bunaíodh chun fadhbanna na gComharchumann Gaeltachta a scrúdú agus tá breithniú dhéanamh ar a bhfuil inti — ar a n-áirítear nithe mar a luaitear i gCeisteanna 92 agus 93. Ní dóigh liom gur gá an tuarascáil féin a fhoilsiú ach foilseofar eolas faoi aon chúnamh breise do chomharchumainn a luaithe a thiocfar ar chinneadh ina thaobh.