Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 3 May 1983

Vol. 342 No. 1

Written Answers. - Oibreacha i nGaillimh.

657. Dhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá ar fáil i mbliana le críoch a chur le droichead Mhuiceanach, Contae na Gaillimhe.

658. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá ar a fáil do bhóithre áise i gConamara, Contae na Gaillimhe, i mbliana (a) le tús a chur le hoibreacha nua agus (b) le hoibreacha a chríochnú.

Tógfaidh mé ceist a 657 agus Ceist a 658 le chéile. Anuas ar £154,452 atá íoctha ag mo Roinnse cheana tá deontas £15,548 curtha ar fáil agam i mbliana chun droichead Mhuiceanach a chríochnú ar an tuiscint go seasfaidh an Chomhairle Chontae fuílleach an chostais.

Maidir le bóithre eile i nGaeltacht na Gaillimhe, beidh thart ar £4,900 ar fáil ó mo Roinnse chun oibreacha a chríochnú: níl airgead ag an Roinn chun oibreacha nua a cheadú.

Barr
Roinn