Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Nov 1983

Vol. 345 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Carrickin (Donegal) Airstrip.

11.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will make a statement on the development of Carrickin airstrip, County Donegal.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil beartaithe feabhas a chur ar an aerstráice sin go luath.

Ce mhéid airgid atá ar fáil chun an forbairt seo a dhéanamh.

Tá os cionn £30,000 caite ag an Údarás air faoi láthair. Tá scéim feabhsúcháin a bhfuil costas measta thart ar £235,000 air. Tá costas timpeall £100,000 ar an gcéad chéim agus tá sé sin le tosnú láithreach chomh fada agus is eol dom.

An gcaithfear an £100,000 sin a chaitheam roimh deireadh na bliana seo agus mura gcaithfear é roimhe sin an mbeidh an t-airgead sin caillte?

Ce nach bhfuil an obair tosnaithe go fóill tá sé beartaithe ag an Údarás céim a haon, is e sin caiteachas an £100,000 a bheith críochnaithe roimh deireadh na bliana.

Muna mbeidh an t-airgead sin caite roimh dheireadh na bliana an mbeidh an t-airgead sin caillte don chontae?

Tá a fhios sin ag an Údarás agus tá mé cinnte ar an gcúis sin go gcaithfear iomlán an airgid sin ar an áit sin roimh deireadh na bliana.

Os rud é go bhfuil sé seachtaine fágtha againn roimh deireadh na bliana ní dóigh liom gur féidir é a chaitheamh roimhe sin.

Munar dóigh leis an dTeachta é, is dóigh liomsa gur féidir.

Céad míle punt — sin go leor airgid. An féidir leis an Aire a innsint dúinn cén cineál oibreacha feabhsucháin atá i gceist?

Claidheacha a fheabhsú, treallamh múchta tine, beacons agus soilse, gléasra aimsire agus radio.

An bhféadfá praghas no luach a chur ar chuile cheann acu sin dúinn?

Níl an t-eolas sin agam ach tá an t-iomlán atá le caitheamh thart ar £100,000.

Dúirt an tAire go mbéadh Ceim a 1 agus Céim a 2. Tá an £100,000 i gceist le Céim a 1. Cá as a dtiocfaidh an £125,000 atá fagtha againn le caitheamh?

Cá as a dtiocfaidh se? Tiocfaidh sé as an áit a dtagann chuile phingin agus as a dtáinigh an £100,000.

Dúirt an tAire go gcaithfear an £100,000 idir seo agus deireadh na bliana. An mbeidh an £125,000 eile le teacht as Meastachán na bliana seo chugainn?

£135,000. Braitheann sé ní ormsa ach ar chinneadh Bhord an Údaráis.

An bhfuil an treallamh a luaigh tú ansin ceannaithe cheana féin?

Níl a fhios agam.

Maidir leis an cheist deiridh ón Teachta Gallagher, ba mhaith liom a rá leis an Aire go bhfuil sé antábhachtach go ndéanfaí gach forbairt is féidir ar an aerstráice seo, go bhféadfar freastal a dhéanamh ar an nGaeltacht in iarthar Thír Chonail. Ba mhaith liom ceist a chur air an mbeidh tacaíocht an Rialtas ar fáil ag aon fhorbairt a bheas beartuithe i moliana nó an bhliain seo chughainn maidir le aerstráice Carraig Finn?

Tá £4 milliún le caitheamh ansin agus tá pleananna leagtha amach go gcaithfear an méid sin airgid agus caithfear £100,000 ar an bpointe.

Cén fáth go bhfuil an t-airgead tugtha agus gan a bheith caite?

Is ceist don Údarás é sin.

Ba cheart go mbeadh an t-eolas againn.

Cén fáth nár tosaíodh ar an obair?

Is féidir liom duine amháin a fhreagairt. Ní féidir liom an bheirt Teachta a fhreagairt ar an am céanna.

Cén fáth nar tosaíodh ar an obair seo?

Ní mise atá ag déanamh na hoibre.

Is tusa Aire na Gaeltachta. Tá an cumhacht sin agat. Cad na thaobh nár tosaíodh ar an obair sin roimh deireadh Mí na Samhna. Bhí an t-airgead sin ag Roinn na Gaeltachta.

Is leor sin. Tá aragóint á dhéanamh ag an Teachta anois.

Níl sé ag déanamh faic.

Chomh fada agus a bhaineann liomsa tá job le déanamh ag an Údarás.

Níl sé á dhéanamh.

Tusa atá á rá. Dá ndéarfainnse é sin bheifeá ag rith trasna anseo ag cur milleáin orm. Mar deir tusa nach bhfuil Údarás na Gaeltachta ag déanamh na hoibre bíodh agat. Tá £80,000 le caitheamh agus beidh an t-airgead sin caite.

Barr
Roinn