asked the Minister for the Gaeltacht the amount allocated for road improvements in County Donegal in 1977, 1978, 1979, 1980, 1981, 1982 and 1983.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Road Improvements.
D'íoc mo Roinnse suimeanna mar seo a leanas i leith oibreacha ar bhóithre i nGaeltacht Dhún na nGall:
£ |
|
1977 |
34,805 |
1978 |
72,957 |
1979 |
48,293 |
1980 |
52,496 |
1981 |
35,140 |
1982 |
39,417 |
1983 (go dtí seo) |
100 |
An bhfuil náire ar an Aire é féin gur fear as an iarthar é agus idir 1979 agus 1982, le haghaidh na blianta sin go raibh Fianna Fáil i gcumhacht caitheadh £70,000 síos go £40,000 sa Ghaeltacht, agus chaith an tAire £100, agus go ndúirt sé le ceannaire Fhianna Fáil gur chuir sé airgead ar fáil le haghaidh bóithre, gur chuir an tAire £2,500 ar fáil le haghaidh bóithre agus níl pingin den airgead sin caite go fóill?
D'fhiafraigh an Teachta díom an raibh náire orm. Tá bród orm gur fear as an iarthar mé.
An bhfuil sé i gceist ag an Aire nach gcaithfear ach suimeanna den tsórt luaite aige anseo do Chontae Dhun na nGall sna ceantair Ghaeltachta ar fad don bhliain seo chugainn.
Mar a dúirt mé cheana, tagann sé sin faoi idir-bheartaíocht faoi Mheastacháin agus tá siad sin á bplé faoi láthair, agus maidir leis na tsuim a cuireadh ar fáil don bhliain seo, 1983, bhí gearradh siar, ach níor ghearr mise siar an tsuim sin. Bhí na Meastacháin, mar atá a fhios ag an Teachta, réitithe nuair a tháinig mise isteach.
(Cur isteach.)
Foilsíodh iad i Mí Dheireadh Fómhair seo caite go poiblí agus tá a fhios sin ag an Teachta, agus tá a fhios aige chomh maith cén tsuim a cuireadh ar fáil don bhliain seo ag an Aire a chuaigh romham.
An bhfuil airgead ar fáil do bhóithre Thóraigh?
Tá.
Ce mhéid a chuireadh ar fáil.
Níl an t-eolas agam ach cuireadh airgead ar fáil coicís ó shin do Thóraigh.
Cheap mé gur caitheadh tuairim is £100 sa Ghaeltacht i mbliana.
Cár caitheadh an £100?
Tá eolas anseo agam. Bhí an chomhairle chontae sásta £3,000 a chur ar fáil do bhóithre ar Thóraigh a fheabsú agus chuireamar £2,500 ar fáil.
Os rud é go bhfuil droch-staid ar bhóithre na Gaeltachta, go háirithe ar bhóithre Thír Chonaill, an bhfuil an tAire sásta níos mó airgid a chur ar fáil le haghaidh oileán Arainn Mhór.
Caithfear fanacht go bhfeicfear cad a tharlóidh i Meastacháin na bliana seo chugainn.