Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Nov 1983

Vol. 345 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oileán Thóraigh (Dún na nGall).

5. D'fhiafraigh

Aire na Gaeltachta (a) an bhfuil iarratas ar láimh aige le seirbhís farantóireachta a chur ar fáil d'Oileán Thóraigh, Contae Dhún na nGall (b) má tá, an bhfuil sé i gceist aige airgead a sholáthar chun tús a chur leis an tseirbhís.

6.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that Members of the European Parliament from political parties in Ireland, both North and South, have signed a resolution on Tory Island, County Donegal and have called for measures to be introduced to save the way of life of this island community and to provide all-weather ship communications between the island and the mainland; and, if so, the supportive action he proposes to take.

Tógfaidh mé Ceisteanna 5 agus 6 le chéile.

Fuair mé iarratas maidir le seirbhís farantóireachta do Thóraigh ach, le go bhféadfaí seirbhís mar sin a chur ar fáil, bheadh áiseanna fóirsteanacha de dhíth i gcuanta ar an oileán agus ar tír mór agus tá an ghné sin den scéal á breithniú.

Tuigim go bhfuil tairiscint a bhaineann le Tóraigh agus le hoileáin eile dá leithéid sínithe ag Teachtaí ón tír seo i bParlaimint na hEorpa ach nach bhfuil sí curtha i láthair go foirmiúil go fóill. Breithneofar an tacaíocht is féidir a thabhairt i dtráth cuí.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil muintir Thóraigh míshásta faoi na háiseanna san oileán? Ní dóigh liom gur cheart don Aire a rá nach féidir bád farantóireachta a chur ar fáil go dtí go mbeidh na háiseanna ansin?

Chomh fada agus is eol dom, agus tá comhairle dá cur agam ar dhaoine eile, caithfear survey a dhéanamh faoi na háiseanna. Ní féidir liomsa a rá an bhfuil na háiseanna oiriúnach faoi láthair nó nach bhfuil. Mar adeir me, caithfear survey a dhéanamh agus caithfimid an toradh a fheiceál. Tá mise sásta iarracht a dhéanamh. Dá mbeadh airgead ar fáil o Pharlaimint na hEorpa, dá mbeadh aon chúnamh ansin, cuirfí fáilte roimh a leithéid, mar atá a fhios ag an Teachta.

Is rud stairiúil e seo. Os rud é go n-aontaíonn Teachtaí na hEorpa ón Tuaisceart agus on Deisceart obair a dhéanamh faoi seo, nach iontach an rud é nach bhfuil an tAire agus an Rialtas ábalta leadership a thabhairt maidir le seo? Is deacair dul go dtí an Eoraip agus airgead a fháil gan tacaíocht ón Rialtas anseo, agus ceapaim nach bhfuil an Rialtas anseo ag déanamh a ndóthain.

Tig leis an Teachta bheith cinnte go bhfuil tacaíocht an Rialtais ag dul do aon iarracht san Eoraip le hairgead breise a fháil. Maidir leis an rud seo, ní hé amháin go bhfuil Teachtaí na hEorpa ó chuile pháirtí páirteach san iarracht seo ach go deimhin tá Teachtaí na hEorpa on tuaisceart páirteach san obair chomh maith, rud a chuireann an-áthas orm.

Tá súil agam go bhfuil eolas ag an Aire mar gheall ar na hiarrachtaí díograsacha seo chun leas mhuintir Thóraigh a chur chun cinn. An mbeadh sé sásta geallúint a thabhairt dúinn cuidiú in aon tslí is féidir leis leis na hiarrachtaí sin agus go mbeidh cúram speisialta aige maidir le leas mhuintir Thóraigh, mar is oileán an-speisialta é? Ba mhaith liom go mbeadh an tsuim speisialta sin ag Aire na Gaeltachta san oileán. Deirim na rudaí sin mar, tuigeann tú, is oileánach mé féin.

Tá súil agam nach mbeidh bád farantóireachta ag teastáil ón Teachta. Tá mo thacaíocht ag dul leis an iarratas seo. Sula rinneadh an iarracht san Eoraip cúpla seachtain ó shin thóg mé orm féin scríobh chuig Teachtaí na hEorpa go léir ag iarraidh orthu a gcuid gualainn a chur leis an iarracht amuigh ansin, agus ag rá leo go ndéanfaimís an rud céanna anseo. Leanfaidh mé leis an iarracht sin. Fuaireamar deontas le haghaidh bóithre san oileán cúpla seachtain ó shin. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an oileán. Bhí mé ann agus chas mé leis na daoine agus ba mhór an trua gan fíor-iarracht a dhéanamh chun áiseanna a chur ar fáil dóibh.

An ndéanfaidh an tAire sár-iarracht chun cuidiú a thabhairt do mhuintir Thóraigh mar muna ndéanfear é sin ní bheidh duine ar bith fágtha ann? An dtig leis an Aire insint dúinn an bhfuil plean ar bith leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta leis na seirbhísí atá á n-iarraidh ag Parlaimint na hEorpa le cabhair a thabhairt do mhuintir Thóraigh?

Ní fhuaireamar an plean go dtí le déanaí, go deimhin an t-am céanna gur cuireadh ar fáil é do Theachtaí na hEorpa. Tá sé á bhreithniú againn faoi láthair le déanamh amach cén chaoi is fearr leis an fhadhb a réiteach. Tá obair ar siúl againn maidir leis sin.

Tuigim go bhfuil plean forbhartha curtha ag comharchumann Oileáin Thóraigh roimh an Roinn, agus an féidir leis an Aire a insint an bhfuil iarratas ins an phlean sin ar aerstráice a chur ar fáil ar Oileán Thóraigh?

De réir mar is eol dom, is cuid den phlean iomlán é aerstráice a chur ar fáil. Mar a deirim, ní bhfuaireamar an plean seo go dtí le déanaí agus beifear ag breathnú le fáil amach cén chaoi is fearr le cur chuige. Ach is chuid den phlean aerstráice a chur ar an oileán.

Ceist antábhachtach é seo. Fuair mé litir ón Aire inniu ag rá nach raibh airgead ar bith ag Roinn na Gaeltachta nó ag Údarás na Gaeltachta cun aerstráice a chur ar fáil ar Oileán Thóraigh. Tá áthas orm go bhfuil athrú intinne ar an Aire maidir leis sin.

Má léann tú an litir sin tá mé cinnte go bhfaighidh tú amach nach bhfuil airgead ar bith ann faoi láthair lena leithéid d'áis a chur ar fáil ach beidh neart airgid sa tír seo sar i bhfad.

An bhfuil an tAire ag rá go mbeidh airgead le fáil le haghaidh aerstráice?

Dúirt mé go raibh plean Oileán Thóraigh faigthe agam le cúpla seachtain. Tá an rud seo á phlé agus déanfar cinneadh ar na rudaí seo chomh luath agus is féidir.

Cé mhéid deontais a íoc an tAire anuraidh leis an tseirbhís poist——

Níl an teolas sin agam.

Barr
Roinn