Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Nov 1983

Vol. 345 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Public Authority Peatlands.

7.

asked the Minister for the Gaeltacht if his attention has been drawn to reports in relation to the disposal of public authority peatlands to a firm (details supplied); and if he will give details of this transaction.

Tá na tuarascálacha sin feicthe agam ach níl socruithe déanta fós an bhféadfaí eolas a thabhairt ina dtaobh; is amhlaidh atá idirbheartaíocht ar siúl sa chás.

An mbaineann an cheist seo le hiarthar Mhaigh Eo? Ar thuig mé ón Aire go ndúirt sé nach raibh na ceisteanna seo socraithe maidir leis an áis seo a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil tionscal á bhunú acu sa cheantar sin?

Mar a dúirt mé, tá idir-bheartaíocht ar siúl maidir le seo faoi láthair. Tá cinneadh déanta ag an Rialtas rogha a thabhairt do Údarás na Gaeltachta an áis seo a cheannach, agus ina dhiaidh sin is in áiteanna eile atá an idir-bheartaíocht ar siúl, ní agamsa ná ag éinne eile.

Cuirfear freagraí scríofa ar Cheisteanna 8 agus 10.

Barr
Roinn