d'Aire Airgeadais (i) ar ceadaíodh deontas le muiroibreacha a dhéanamh ar ché i gConamara (sonraí thugtha); (ii) an dáta agus an bhliain ar ceadaíodh é; agus (iii) an fáth nach ndearnadh aon obair go fóill.
Written Answers. - Deontas do Mhuiroibreacha.
317. D'fhiafraigh
1. Cheadaigh Aire na Gaeltachta deontaisí le haghaidh na n-oibreacha seo.
2. Tugadh na ceaduithe seo ar an 19 Bealtaine 1981 agus ar an 12 Deireadh Fómhair 1983.
3. Sula bhféadfaí na hoibreacha a chur idir lámha, ba ghá suirbhé a chur i gcrích. Tá an suirbhé seo críochnaithe agus cuirfear sonraí na n-oibreacha atá beartaithe faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe a luaithe 'is féidir lena gceadú agus cibé ní is gá a dhéanamh chun seilbh a ghlacadh ar na tailte ionas go bhféadfaí tús a chur leis na hoibreacha.