d'Aire na Gaeltachta cén uair a íocfar deontas tionsclaíochta le iarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.
Written Answers. - Iarratais ar Dheontais.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur ar choinníollacha a bhaineann le cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí a ceadaíodh deontais sa chás sin agus go n-íocfar iad ach na coinníollacha sin a bheith comhlíonta.
400. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an ndéanfaidh sé athbhreithniú ar iarratas £10 a diúltaíodh d'iarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.
Ní dóigh liom go bhfuil gá le hathbhreithniú sa chás sin don scoilbhliain 1982-83 ó tharla gur le déanaí a bhíothas ag caint leis na páistí agus nach rabhthas sásta ón easpa líofachta gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh acu.
401. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an chúis gur cuireadh ar ceal tráthchuid de dheontas ar iarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.
Cuireadh fuílleach (£100) an deontais ar ceal sa chás sin toisc nach bhfuair mo Roinn cruthúnas teidil.
402. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an íocfaidh a Roinn tráthchuid de dheontas feabhsúcháin le hiarratasóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.
Tá dhá thrian de dheontas le haghaidh seomra folctha íoctha sa chás sin. Tá deontas ceadaithe freisin do shaoráidí séarachais ach ní raibh tús curtha leo nuair a thug cigire de chuid mo Roinne cuairt ar an iarratasóir cúpla seachtain ó shin.