Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 31 Jan 1984

Vol. 347 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Employment.

13.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is satisfied that every effort is being made by Údarás na Gaeltachta to place those who have trained with AnCO in Gweedore, County Donegal.

Táim sásta go mbíonn comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus ionad oiliúna AnCO i nGaoth Dobhair le súil go mbeidh oiliúint chuí ar fáil do chainteoirí Gaeilge agus go mbeidh fostaíocht ar fáil dóibh ach iad a bheith oilte.

Os rud é go bhfuil níos mó daoine ag dul chuig an ionad i Litir Cheannain anois— tá níos lú daoine ag dul chuig an ceann san Bhun Bheag san Ghaeltacht — an mbeidh an tAire sásta níos mó incentive a thabhairt do na daoine sin a bheadh ag dul ag obair san Ghaeltacht?

Ceapaim go bhfuil míthuiscint bheag ann faoi ionad traenála AnCO i nGaoth Dobhair faoi 116 áit traenála le fáil i gcaitheamh na bliana seo. Tá súil agam go mbainfear buntáiste as gach ceann de na háiteanna sin. Tá ár muintir Ghaeltachtaí eile ar fud na tíre ag dul go áiteanna eile, mar shampla, Gaillimh, Trá Lí agus Corcaigh. Sin an rud is fearr dóibh a dhéanamh más mian leo é sin a dhéanamh. Ní dóigh liom gur cóir cur isteach nó amach orthu más mian leo dul go dtí na háiteanna sin. Sa mhéid go bhfuil fonn orthu dul go Gaoth Dobhair, beidh gach áis le fáil ansin.

Táim sásta go bhfuil 116 áiteanna san ionad i nGaoth Dobhair ach an nglacann an tAire leis go rachfaidh daltaí as Ghaeltacht Chonamara, Gaeltacht Chiarraí agus gach Gaeltacht eile san tír go dtí ionaid sna contaetha sin agus nach rachfaidh na daltaí sin go dtí Gaoth Dobhair. An dtabharfaidh sé incentive do na daltaí as na ceantracha sin dul go dtí Gaoth Dobhair?

Níl me chun cur isteach ar an gcóras ginearálta atá ag AnCO. Tá ionad faoi leith curtha ar fáil againn i nGaoth Dobhair le freastal ar mhuintir na Gaeltachta. Más mian le daoine ó na Gaeltachtaí eile dul go hionaid traenála eile ar fud na tíre is leo sin a bhaineann an cinneadh sin agus ní le AnCO. Ach sa mhéid gur féidir linn cúrsaí speisialta a chur ar fáil i nGaoth Dobhair as Gaeilge lena bheith in oiriúint do mhuintir na Gaeltachta, beidh sé sin á dhéanamh i gcaitheamh na bliana seo chugainn agus tá mé sásta go bhfuil an programme atá i nGaoth Dobhair chomh foirfe agus is féidir faoi láthair do mhuintir na Gaeltachta.

Ceist deireannach. An nglacfaidh an tAire leis an sampla seo nach rachfaidh daltaí as Ghaeltacht Chonamara nó Gaeltacht Chiarraí go dtí Gaeltacht Dhún na nGall? Ní dóigh liom gur feidir srian a chur ar na daoine seo chun dul go dtí Gaeltacht Ghaoth Dobhair. Caithfear, mar a déarfá, catchment area níos mó a thabhairt do ionad Ghaoth Dobhair ionas go mbeimid, ábalta úsáid a bhaint as na 116 áiteanna seo atá acu. An nglacann an tAire leis an méid sin?

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé cinnte go mbainfear úsáid as na háiteanna atá le fáil i nGaoth Dobhair. Tá catchment area na tíre ar fad ansin d'ionad Ghaoth Dobhair agus cuirfidh mé in eolas don Teachta go bhfuil, mar shampla, cuid de mhuintir Chill Dara ag dul go Litir Ceannain chun cúrsaí áirithe a dhéanamh ansin. Sin rud a tharlaíonn go minic i gcúrsaí AnCo. Ní féidir linn — mar a deireann an Teachta — srian a chur ar mhuintir Chonamara go bhfuil fonn orthu dul go Gaillimh, mar shampla, nó ar mhuintir Chiarraí dul go Trá Lí.

An nglacann an tAire——

Dúirt an Teachta gurb é an cheist deireannach an cheist deireannach.

An nglacann an tAire leis seo, go bhfuil rud éigin cearr nuair nach féidir le daltaí ó na Gleanntaí atá an-chóngarach do Ghaoth Dobhair dul go dtí an t-ionad sin agus go gcaithfidh siad dul go dtí an t-ionad i Litir Ceannain. B'fhéidir go n-iarrfaidh sé ar AnCO agus Aire na Gaeltachta breathnú ar an rud seo.

Beidh mé sásta iarracht a dhéanamh ar fhadhb ar bith faoi leith den tsaghas atá luaite ag an Teachta.

Barr
Roinn