Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 31 Jan 1984

Vol. 347 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Arranmore Island (Donegal) Road Repairs.

14.

asked the Minister for the Gaeltacht if a special allocation will be made to Donegal County Council for the repair of roads on Arranmore Island, County Donegal.

Níl ach soláthar anteoranta airgid ar fáil do mo Roinnse i mbliana lena chaitheamh ar bhóithre: cuirfear cás Árainn Mhór san áireamh nuair a bheidh bóithre á roghnú ar ball.

An nglacann an tAire leis go bhfuair Oileán Árainn Mhór tuairim is £15,000 gach bliain le haghaidh cúig bliain go dtí anuraidh? Cuirtear £15,000 leis sin ó chomhairle chontae Dhún na nGall agus go gcaithfear leanúint ar aghaidh leis an bplean a thosaigh Fianna Fáil tuairim is cúig no sé bhliain ó shin ag tabhairt airgid don oileán seo. Bhí mé istigh ansin Dé Sathairn agus tá fearg ar na daoine ansin nár chuir an Comhrialtas airgead ar bith ar fáil don oileán sin le haghaidh na mbóithre. B'fhéidir go nglacfaidh an tAire le cuireach teacht go dtí Árainn Mhór agus breathnú ar na bóithre atá ansin acu. Dá bhfeicfeadh an tAire na bóithre ansin tá mé cinnte go dtabharfadh an tAire i bhfad níos mó ná £15,000.

Cuirfidh mé in iúl don Teachta go bhfuil £62,000 caite ar bhóithre ar an oileáin idir 1978 agus 1982. Táim sásta glacadh leis an méid a deireann an Teachta go bhfuil gá le níos mó caiteachais ar bhóithre in Arainn Mhór mar atá in áiteanna eile den tír. Mar a duirt mé, nil cinneadh daingean déanta againn ar chaiteachas na bliana seo agus nuair a bheidh na bóithre á roghnú beidh oileán Árainn Mhór curtha san áireamh ag an am sin.

Cé mhéad airgead atá á chur ar fáil sna Meastacháin i mbliana faoin Roinn seo le bóithre a dheisiú, sé sin na boithre aíseanna.

Tá £25,000 le cur ar fáil i mbliana.

An nglacann an tAire leis dá bhfaighfí for-dheontas le haghaidh an bád farantóireachta atá ina shuí i gcé na Cealla Beaga go mheadh níos mó úsáid á baint as na bóithre ar Árainn Mhór. B'fhéidir go nglacfaidh an tAire go mbeadh níos mó de na gluaisteáin ar an mór-thír ag dul isteach ar an bád farantóireachta dá dtabharfadh an tAire airgead dúinn le haghaidh an fhor-dheontais?

Ceapaim gur ceist é sin a bhaineann le fadhb eile.

Ba mhaith liom a fháil amach on Aire cé'n úsáid a bhfuil sé i gceist ag an Roinn a bhaint as an £25,000 atá á chur ar fáil aige?

Tá an cheist ar an clár faoi Dhún na nGall.

Nuair a bhí an tAire ag tabhairt freagra dúirt sé nach raibh ach líon beag airgid á chur ar fáil i mbliana faoi Roinn na Gaeltachta le haghaidh bóithre a dheisiú. Fiafraím den Aire cé mhéad airgid?

Ní feidir leis an Aire nó leis an Teachta diospóireacht ginearálta a bheith acu.

Cén chaoi a cheapann an tAire gur féidir na bóithre a dheisiú ar an oileán seo muna gcuireann Roinn na Gaeltachta airgead ar fáil mar a rinneadar le blianta fada anuas go dtí anuraidh?

Dúirt mé go gcuirfear cás Árainn Mhór san áireamh nuair a bheidh na bóithre le haghaidh na scéime seo á roghnú.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil bóthar amháin ar oileán eile siar as chósta iarthar na hÉireann go gcosnóidh sé £25,000 é a dheisiú? Níl san méid atá á chur ar fáil ag an Aire ach a dhóthain airgid chun bóthar amháin a dheisiú ar oileán eile síos píosa ón oileán seo.

An bhfuil an Teachta ag rá liom gur cóir dom an £25,000 a chaitheamh ar an mbóthar sin amháin?

An bhfuil a fhios ag an Aire go raibh suas le leath mhilliún punt á chur ar fáil roinnt blianta ó shin leis na bóithre a dheisiú agus anois níl sé féin ag cur ar fáil ach £25,000? Cé chaoi gur féidir leis na daoine atá in a gconaí sna ceantracha seo na bóithrí a fháil deisithe, nuair nach bhfuil an Rialtas ag cur airgid ar fáil?

Tá an cheist seo ar Dhún na nGall amháin.

Ó thaobh Dhún na Gall de, níl an Rialtas ag cur a dhóthain airgid ar fáil fiú amháin chun na boíthre i nDún na nGall a dheisiú agus tá cúram na gceantracha Gaeltachta ar fad agus na hoileáin Gaeltachta ar fud na tíre ag Roinn na Gaeltachta agus da bharr sin tá sé soiléir nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas a dhótain airgid a chur ar fáil ionas go bhféadfaí aon bhóithre a dheisiú sna ceantracha Ghaeltachta sa bhliain seo.

Níl siad in ord ar Cheist 14, Ceist 15.

Cé mhéad a chosnódh sé caoi cheart a chur ar na bóithre ar Oileán Árainn Mhór.

Níl a fhios agam. An bhfuil éinne anseo gur feidir leis freagra cruinn a thabhairt ar an gceist sin? Táim réidh glacadh leis an méid atá ráite ag an Teachta nach bhfuil dóthain airgid le fáil chun na bóithre seo a chur i gcaoi, chun bóithre na tíre ar fad a chur i gcaoi. Sin ceist gur feidir linn a phlé ar Mheastachán na Roinne seo agus ar Mheastacháin eile.

Ní tharlaíonn sé go minic go mbíonn an tAire Airgeadais ag tabhairt na bhfreagraí ar cheisteanna a bhaineann leis an Ghaeltacht agus ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire——

Tá an tAire Airgeadais anseo thar ceann Aire na Gaeltachta agus níl sé ceart ceist a chur air mar Aire Airgeadais.

An n-aontóidh an tAire liomsa agus leis an taobh seo den Teach go bhfuil gá leis na bóithre a dheisiú sna ceantracha Ghaeltachta agus nach féidir é sin a dhéanamh go dtí go gcuireann sé féin a dhóthain airgid ar fáil chun an job a dhéanamh?

Aontaím gur gá na bóithre a dheisiuí agus gur cóir airgead a chur ar fáil, an líon airgid is mó gur féidir a chur ar fáil, agus tá se ráite againn agus curtha os comhair na Dála san Mheastachán an líon airgid atá a chur fáil againn i mbliana.

Nach bhfuil náire ar an Aire go bhfuil sé ag cur £25,000 ar fáil le haghaidh na Gaeltachta go léir nuair a chuir Fianna Fáil idir 1980 agus 1982 £62,000 ar fáil le haghaidh oileáin amháin? B'fhéidir go ndéanfadh sé athbhreithniú ar an scéal agus níos mó airgid a thabhairt don Ghaeltacht.

Níl náire ar bith orm. Seachas £25,000 a chur ar fáil i mbliana chun na bóithre a dheisiú tá mé ag cur líon níos mó airgid ar fáil i mbliana chun ús ar an airgead a bhí faighte ag an muintir sin thall a dhíol.

Barr
Roinn