Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 31 Jan 1984

Vol. 347 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Gaeltacht Industrial Development.

16.

asked the Minister for the Gaeltacht the efforts being made to secure industries for the Gaeltacht Láir, County Donegal.

Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun tionscail fhóirsteanacha a aimsiú don cheantar sin.

Taobh amuigh de Bhaile na Finne nach bhfuil tionscal ar bith san Ghaeltacht Láir nó san Finn Valley. An nglacann an tAire atá anseo inniu mar Aire Ghaeltachta agus Aire Oideachais gur cóir níos mó airgid a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus treoir a thabhairt do na daoine sin chun jobanna a chur ar fáil san cheantar seo, áit nach bhfuil focal Béarla á labhairt ó tús na bliana go dtí deireadh na bliana?

Feicim go bhfuil mo cháilíochtaí ag leathnú faoi mar a leanann an díospóireacht seo ar aghaidh. Tá mé i mo Aire Oideachais anois chomh maith leis na rudaí eile.

(Cur Isteach.)

Tá an-bhrón orm munar féidir le muintir na taoibhe sin den Teach glacadh go réidh sin le ráiteas den sórt sin. Chuirfinn in iúl don Teachta go bhfuil ó 1979 i leith cúnamh tugtha ag Údarás na Gaeltachta do ocht dtionscail sa Ghaeltacht Láir a chuirfidh fostaíocht ar fáil do thart ar 50 duine ach na tionscail a bheith faoi lán seol. Tá tograí eile á bplé faoi láthair agus tá dóchas ag an Údarás go gcuirfear tuilleadh fostaíochta ar fáil sa cheantar chomh maith.

An bhféadfadh an tAire na hocht dtionscal sin a luadh?

Níl an t-eolas beacht sin agam.

Tá a fhios agam go rí-mhaith na fadhbanna atá ag muintir na Gaeltachta agus tá fhios agamsa na tionscail atá san Ghaeltacht sin agus b'fhéidir go dtiocfaidh an tAire isteach san Dáil arís agus go n-inseoidh sé dúinn na tionscail atá ansin.

Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire cén fáth gur gearradh siar dhá bliain i ndiaidh a chéile ar an méid airgid caipitil a bhí an Rialtas á chur ar fáil do Údarás na Gaeltachta: tá sé ag gearradh siar i mbliana suas le £1 milliún agus bhí sé ag gearradh siar an bhliain seo caite. An é nach bhfuil mórán dóchais ag an Rialtas seo go n-éireoidh leis an Údarás nó leis an Rialtas tionscal nua a mhealladh isteach sna ceantracha Gaeltachta agus gurb é an fáth gur gearradh siar an t-airgead ná easpa dóchais ag an Rialtas?

Sin ceist Ghaeltachta agus ní bhaineann sé le ceist 16.

An bhfuil aon fhreagra ag an Aire?

Barr
Roinn