Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 31 Jan 1984

Vol. 347 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscal d'Oileán Árainn Mhór (Dún na nGall).

17.

asked the Minister for the Gaeltacht the efforts being made to secure an industry for the vacant factory on Arranmore Island, County Donegal.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil gach dícheall á dhéanamh acu chun tionscal a aimsiú don mhonarcha sin.

An nglacfaidh an tAire leis go bhfuil sé an-deacair do Údarás na Gaeltachta tionscal a mhealladh isteach go dtí an Árainn Mhór nuair atá monarcha acu ansin agus gur inis Údaras na Gaeltachta domsa bliain ó shin go raibh siad réidh tosnú ar an obair ansin chun an mhonaracha a athchóiriú agus nach bhfuil go leor airgid á íoc chun athchóiriú a dheánamh air?

Tuigim gur halla atá i gceist anseo seachas monarcha agus tá sé ar intinn ag Údarás na Gaeltachta é a athchóiriú i mbliana.

An dtabharfaidh an tAire gealltanas don Teach anseo inniu (1) go ndéanfar an obair seo gan mhoill agus (2) go leanfar ar aghaidh leis na hiarrachtaí atá a dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta chun tionscal a mhealladh isteach.

Tá sé ráite agam go bhfuil sé ar intinn ag Údarás na Gaeltachta an halla seo a athchóiriú i mbliana. Ní dóigh liom gur féidir liom níos mó ná sin a rá ná gur féidir níos mó ná sin a éileamh anseo. Faoi mar a bhaineann leis an dara chuid den cheist, tá sé ar intinn ag an Údarás agus beidh gach deis le fáil ag an Udaras leanacht ar aghaidh chun, mar a deir an Teachta, gnó a mhealladh isteach sa mhonarcha sin, agus tá a fhios ag an Teachta go bhfuil oifigeach faoi leith ag an Údarás chun freastal ar na hoileáin Ghaeltachta agus leanfaidh seisean ag tabhairt gach cúnaimh is féidir leis.

An nglacfaidh an tAire leis gur cuireadh in iúl domsa anuraidh go n-athchóireofaí an mhonarcha seo. Deir an tAire go bhfuil sé ar intinn acu é sin a dhéanamh i mbliana, agus b'fhéidir nach ndéanfar é i mhbliana ach oiread? An dtabharfaidh an tAire treoir do Údarás na Gaeltachta é a dhéanamh?

Tá moill orm dul isteach sa cheist cé mhéad treoracha gur féidir leis an Rialtas a thabhairt do Údarás na Gaeltachta ach faoi mar a bhaineann leis an bhfadhb atá i gceist ag an Teachta, chomh fada agus is féidir liom é a dhéanamh cuirfidh mé in iúl do Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé d'fhonn ar an dTeachta agus ar mhuintir na háite, mar is mar sin atá an scéal, go n-athchóireofaí an halla seo.

A Cheann Comhairle——

Dúirt mé leis an Teachta gurb í sin an cheist dheireannach——

Dúirt an tAire nach féidir leis an Rialtas treoir a thabhairt do Údarás na Gaeltachta——

(Cur isteach.)

Barr
Roinn