Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 31 Jan 1984

Vol. 347 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gweedore, (Donegal), Water Supply Scheme.

19.

asked the Minister for the Gaeltacht if a grant is being made by his Department or Údarás na Gaeltachta to assist the Gweedore water supply (Lough Altan source) scheme.

Ach an scéim sin a bheith ceadaithe ag an Aire Comhshaoil breithneofar iarratas ar chúnamh ina leith sa ghnáthshlí. Tuigim, áfach, go bhfuil tuarascáil réamhphleanála le hullmhú go fóill agus go bhfuil an chomhairle chontae agus Udarás na Gaeltachta i gcomhairle le chéile ina taobh.

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil airgead ansin chun an job seo a dhéanamh chomh luath is a mbeidh na réamhphleanála déanta agus curtha go dtí an tAire Comhshaoil?

Gan na réamhphleanála seo a bheith déanta ní féidir liom freagra a thabhairt ar cheist an Teachta. Braitheann sé ar thoradh na tuarascála réamhphleanála seo.

The remaining questions will appear on tomorrow's Order Paper.

Barr
Roinn