asked the Minister for the Gaeltacht the amount of road grants made available to Donegal County Council during 1983; the roads involved; and how these roads were selected.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Bhóthar do Dhún na nGall.
Bíonn cabhair á lorg do líon mór bóithre gach aon bhliain agus roghnaítear na cinn a mbíonn airgead le caitheamh orthu tar éis na cúinsí uile a chur san áireamh. D'íoc mo Roinnse deontais dar luach £11,100 le Comhairle Chontae Dhún na nGall sa bhliain 1983 ar mhaithe le 12 bhóthar. Cuirfear liosta de na bóithre sin timpeall sa Tuairisc Oifigiúil. Seo a leanas an liosta:
Caiteachas |
|
£ |
|
1. Bóithre ar Oileán Thoraigh |
2,500 |
2. An bóthar portaigh ó sheanteach Thomáis Mhic Giolla Bhríde, Míndoire na Slua, Anagaire, go deireadh an bhealaigh. |
100 |
3. An bóthar áise ó theach Thaidhg Mhic Fhionnlaoich, Baile an Droichid, An Bun Beag, go teach Néill Uí Bhaoill, Baile an Droichid. |
1,500 |
4. An bealach ó theach Shéamuis Mhic Giolla Bhríde, Sraith Caorach go sruthán Loch Timin (Finne), na Doirí Beaga. |
1,000 |
5. Bealach áise ó chosán Don Doherty go teach Shéamuis Mhic Shuibhne, Cnoc an Stolaire, An Bun Beag |
500 |
6. An bealach ó Loch na Caillithe trasna an tsrutháin go dtí an Ranch, An tArd Donn, Gaoth Dobhair |
1,000 |
7. An bealach ó bharr an Toir go dtí teach P Uí Ghallchobhair, an Tor, Croithlí |
800 |
8. Bealach áise go teach Nóra Nic Giolla Chóill, Cnoc Fola |
600 |
9. Bealach áise ó theach Sheáin Uí Ghallchobhair, Bun an Leaca, go teach úr Chaoimhín Uí Dhochartaigh, Bun an Leaca |
600 |
10. Bóthar áise go teach Mháirín Ní Dhochartaigh, Machaire Loisce, An Bun Beag |
600 |
11. An bealach ó Sheascáin na Rón go Mountjoy |
1,000 |
12. Bóthar Caoráin ag Mín Doire, An Fál Carrach |
900 |
An tIomlán |
£11,100 |
Cén figiúr a luaigh an tAire?
£11,100.
Cén t-am den bhliain a cuireadh an t-airgead sin ar fáil? Bhí mise ag cur ceiste mar sin ag deireadh mí Mheán Fómhair agus ag an am sin cuireadh ar fáil £100. Cén t-am a cuireadh ar fáil an £11,100?
Níl an t-eolas agam chun freagra beacht a thabhairt air sin mí in aghaidh míosa don bhliain 1983 ach sin é an méid iomlán a cuireadh ar fáil i gcaitheamh na bliana sin.
Ceist a 19.
Cuireadh an t-airgead sin ar fáil i mí na Nollag 1983. An gceapann an tAire go bhfuil sé féaráilte nó ionraic airgead a chur ar fáil ag an am sin den bhliain nuair a bhí a fhios ag Roinn na Gaeltachta nach mbeadh Comhairle Chontae Dhún na nGall ábalta é a chaitheamh roimh dheireadh na bliana?
Chun freagra beacht a thabhairt ar an gceist sin bheadh gá dúinn díospóireacht cuíosach domhain a bheith againn i gcúrsaí airgeadais na gcomhairlí chontae. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil córas áirithe agus coinníollacha áirithe le comhlíonadh ionas go gcuirfidh Roinn Rialtais an t-airgead seo ar fáil do chomhairlí contae.
Cur isteach
Cad hiad na bóithre seo agus conas a roghnáiodh iad — an píosa deireannach den cheist a chuir mé.
(Cur isteach.)
Ní hí sin an cheist a chuir mé.
Ceist a 19. Níl an Teachta in ord.
Níor thuig mé go beacht an cheist a chuir an Teachta. Roghnaíodh na bóithre sin faoi na coinníollacha atá ar an scéim sin agus i measc na tograí a chuir an chomhairle chontae ar aghaidh.
(Cur isteach.)
Uimhir 19. I wish Ministers would co-operate with the Chair and answer questions when called.
Tá an-suim againn sna Gaeltachtaí sa cheist seo agus ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire faoin airgid seo do Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Dúirt sé go roghnaíodh na deontais de réir rialacha na scéime. Cén scéim a bhfuil an tAire ag déanamh tráchta air, cén t-ainm atá air agus cé tá i gceannas air.
Tugadh cabhair do Chomhairle Chontae Dhún na nGall leis na bóithre seo a dheisiú.
Bhí ráiteas curtha amach ag Aire na Gaeltachta anuraidh go raibh an scéim seo á cur ar ceal agus nach raibh sé ag cur airgid ar fáil ach amháin chun na bóithre a bhí ainmnithe an bhliain roimhe sin a chríochnú. An bhfuil an tAire ag rá anois gur ainmníodh bóithre nua san bhliain 1983 agus nach é go rabhadar ag críochnú na mbóthar a bhí ainmnithe i 1982.
D'fhiafraigh an Teachta Gallagher díom cé mhéad airgid a tugadh amach agus cé hiad na bóithre a bhain sé leo i gcaitheamh na bliana 1983. Tá freagra tugadh agam ar an gceist sin.
(Cur isteach.)
I have called Question No. 19.
Chuir mé ceist ar an Aire. Cé fáth nach bhfuil iachall air í a fhreagairt.
The Chair has been very fair on this question.
Ba mhaith liom a chur in iúl go dteastaíonn uaim an cheist seo a phlé ar an athló os rud é nach bhfuil mé sásta leis an freagra a thug an tAire.
Cuirfidh mé scéala chuig an Teachta.