Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Feb 1984

Vol. 347 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Gaeltacht New Industrial Employment.

7.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of the new jobs created in industrial employment in Gaeltacht areas in 1983.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil na sonraí uile i ndeireadh 1983 deimhnithe fós ach go meastar gur cruthaíodh breis is 500 post nua lánaimsire sa bhliain i dtionscail faoi scáth an Údaráis.

An bhfuil aon saghas meastacháin ag an Aire faoi cé mhéad postanna gur féidir leis an Údarás a chur ar fáil as an nua sa bhliain 1984?

Níl, ach tá béim á leagan ar mhiontionscail agus tig leis an Teachta a bheith cinnte de go ndéanfar chuile iarracht an oiread postanna seasta agus is féidir a chur ar fáil trí obair an Údaráis.

Ar mhaith leis an Aire a chur in iúl don Teach, dá bhrí sin, cén fáth go bhfuil gearradh siar sna Meastacháin ar an méid caipitil atá a chur ar fáil do Údarás na Gaeltachta sa bhliain seo seachas an méid a bhí ar fáil acu anuraidh? De réir mar a fheicimse, tá laghdú de £1 mhilliún ó £6 mhilliún anuraidh síos go dtí £5 mhilliún i mbliana. An bhfuil míniú air sin?

Is é an fáth atá leis sin ná go bhfuil an-chuid monarchana agus réamh-mhonarchana folamh ag an Údarás faoi láthair agus mar atá a fhios ag an Teachta tá sé de pholasaí daoine a fháil le dul isteach iontu sin sula dtógfar cinn eile.

8.

asked the Minister for the Gaeltacht the steps being taken to provide new jobs at Carna, Kilkerrin, Rosmuck, Cashel, Carraroe, Spiddal, Cornamona, Inishmore, Inismaan, Inishere, Recess, Rosabhil, Camus and Annaghdown in County Galway.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl d'fhonn tionscail a aimsiú agus fostaíocht bhreise a chur ar fáil ar mhaithe le ceantair Ghaeltachta — go háirithe ceantair ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga.

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil a lán dífhostaíochta sna ceantair atá luaite agam anseo sa cheist agus bhí mé ag iarraidh a fháil amach céard atá beartaithe ag an Roinn agus ag an Údarás chun postanna a chur ar fáil sna ceantair sin sa bhliain atá amach romhainn. Níl an freagra ró-shásúil.

Cruthaíodh timpeall agus 300 post nua i gContae na Gaillimhe agus clúdaíonn an cheist Gaeltacht na Gaillimhe ar fad nach mór. Cruthaíodh timpeall 300 post nua ansin i 1983 agus tuigtear dom go bhfuil suas le 60 tograí á bplé faoi láthair a bheadh lonnaithe i gContae na Gaillimhe. Dá n-éireodh leis an idirbheartaíocht atá ar siúl maidir leo bheadh tuairim is 300 post nua lán-aimseartha mar thoradh ar an idirbheartaíocht sin maidir leis an 60 togra.

D'fheicfeadh an tAire go bhfuil gá níos mó anois le fostaíocht lán-aimseartha, foataíocht úr a chur ar fáil sna Gaeltachtaí ná mar a bhí riamh cheana, agus an bhfuil sé sásta go mbeidh lán-tacaíocht ar fáil ag an Udarás anois ó na bainc agus ó lucht airgid maidir leis na postanna sin a chur ar fáil sna Gaeltachtaí ó tharla an chonspóid a bhí ar siúl maidir le cúrsaí sa nGaeltacht le tamall anuas.

Tá súil agam go mbeidh deireadh leis an chonspóid agus aon raic poiblí agus go mbeidh tacaíocht ó na hinstitiúidí bainc agus daoine eile do obair an Údaráis, agus déanfaidh mise mo dhícheall gur amhlaidh a bhéas an scéal as seo amach.

Barr
Roinn