Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Feb 1984

Vol. 347 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Bóthar Áiseanna Scheme.

9.

asked the Minister for the Gaeltacht the reason for terminating the "bóthar áiseanna" scheme operated by his Department up to 1983.

Is amhlaidh atá laghdú tagtha ar an soláthar do scéim na mbóithre áise i ngeall ar an ngéarchéim airgeadais; níl deireadh curtha leis an scéim.

An bhfuil sé fíor go ndúirt an tAire anuraidh nach nglacfaí sa bhliain 1983 le haon iarratais nua le deontais a fháil faoi scéim feabhsúcháin sa Ghaeltacht ó thaobh bóithre, gur cuireadh £50,000 ar fáil sna Meastacháin anuraidh agus gur cuireadh in iúl go raibh an t-airgead sin ar fáil ach amháin chun scéimeanna a bhí ceadaithe sa bhliain roimhe sin a chríochnú agus nach nglacfaí le haon iarratais nua? I mbliana sna Meastacháin tá an figiúr sin laghdaithe go dtí £25,000. Is laghdu uafásach é, mar sa bhliain 1982 bhí £324,000 ar fáil le haghaidh bóithre a dheisiú sna ceantair Ghaeltachta agus anois i mbliana níl ach £25,000. Fiú amháin i mo dháilcheantar féin tá bóthar amháin agus chosnódh sé an méid sin chun é a dheisiú. Níl an ceart san iomlán ag an Aire a bheith ag rá nach bhfuil ann ach laghdú ar an méid airgid. Tá an scéim, leis an bhfírinne a rá, curtha ar ceal ar fad agus cén mhaitheas an méid sin airgid, £25,000?

Duirt mé sa bhfreagra, a Cheann Comhairle, go bhfuil gearchéim airgid ann agus muna bhfuil an £25,000 ag teastáil ón Teachta Molloy cuirfear áit éigin eile é. Muna bhfuil sé ag teastáil uaidh, tig leis é a thabhairt ar ais más mian leis. Ní dóigh liom gurb é sin atá i gceist aige.

An n-aontódh an tAire go bhfuil an-tábhacht le cúrsaí bóithre sna Gaeltachtaí agus ó tharla na Gaeltachtaí a bheith chomh scaipthe agus deacrachtaí cumarsáide a bheith ann, go raibh an-tábhacht leis an scéim seo agus go mb' fhéidir gurb í ceann de na scéimeanna is tábhachtaí a bhí ann don Ghaeltacht? An n-aontódh sé gur ag dul chun deiridh atáimíd maidir le cúrsaí na Gaeltachta nuair a laghdaítear an suim airgid go dtí £25,000?

Aontaím leis an Teachta. Ba mhaith liomsa dá mbeadh i bhfad níos mó airgid ar fáil. Tá tábhachtacht ag baint leis an scéim sin ach ag an am gcéanna tá a fhios ag an Teachta Gallagher leis seo ón a thaithí mar bhall de chomhairle chontae go bhfuil sé de dhualgas ar chomhairlí contae cuidiú a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta chomh maith le muintir na Galltachta áit a bhfuil an Ghaeltacht agus an Galltacht in aon chontae amháin. Is é an fhadhb a bhí ann go dtí seo go raibh siad ag tabhairt chúil ar airgead a chur ar fáil do cheantair Ghaeltachta agus go raibh siad ag leagan béim ar cheantair Ghalltachta toisc gur cheap siad go mba cheart gur Roinn na Gaeltachta a chuirfeadh an t-airgead seo ar fáil. Sin ceann de na deacrachtaí. Is ceist airgid é. Níl an t-airgead againn. Caithfear teacht ar scéim eile tríd an scéim atá ann maidir leis an gcomhairle chontae an caiteachas sin a threorú i dtreo na Gaeltachta ó na comhairlí contae.

Má leanaimíd ar aghaidh, cuirfear leis an rud atá á rá ag an Aire deireadh ar fad leis an scéim seo, beidh an cúram faoi na comhairlí contae, agus ní dhéanfar tada le haghaidh mhuintir na Gaeltachta.

Níl deireadh leis an scéim agus nuair a bheas airgead ar fáil cuirfear airgead ar ais ar son na mbóithre áise.

The Minister and the Government seem to have no remedy for the deplorable state of the roads in the Gaeltacht areas. It is a disgrace that the Government have abolished the special scheme which was available up to 1982 for the repair and maintenance of roads.

How does the Minister imagine that any substantial repairs can be carried out when one considers that the grant available in 1982 was £324,000 and it has now been reduced to a miserable £25,000?

Would the Deputy please ask a question?

How can the Minister substantiate his allegation against the local authorities, that they are responsible for the maintenance of these roads and have neglected them in the past when, in fact, he has removed over £300,000 which had been available up to now for that purpose? The scheme which he is now asking the local authorities to avail of, the local improvements scheme, has also been reduced this year, which means there is a cut-back on local authority funds for road repairs and his Department have eliminated altogether the amount available——

The Deputy is making an Estimate speech.

The Minister is aware that this is a very crucial issue in Gaeltacht areas where roads are in a deplorable condition. They are in out of the way places where people need a car to go about their daily business——

That is not a question.

Aontaím leis sin.

The Minister is a complete failure, he should resign. Everything, in the Gaeltacht, industry and roads especially, touched by his dead hand——

I cannot have this.

An nglacann an tAire leis go raibh muintir na Gaeltachta, go háirithe muintir na n-oileán, ag braith go mór mhór ar an deontas a fuaireamar go dtí seo ó Roinn na Gaeltachta agus nach fiú faic £25,000 le haghaidh na Gaeltachtí go léir ó Chiarraí go dtí Dún na nGall, agus an nglacann an tAire leis go raibh an tAire Airgeadais istigh anseo inné agus theaspáin sé go bhfuil sé ag breathnú go fábharach ar an Ghaeltacht agus go bhfuil an-suim aige sa Ghaeltacht? B'fhéidir go rachaidh sé ar ais chuig an Aire Airgeadais os rud é go bhfuil an suim sin aige san Ghaeltacht agus níos mó airgid a lorg le haghaidh na mbóithre áiseanna seo.

Tá suim ag an Aire Airgeadais agus ag an Rialtas i bhforbairt na Gaeltachta agus chomh fada agus a bhaineann liomsa déanfaidh mé mo dhícheall an méid is féidir a chur isteach i bhforbairt na Gaeltachta, bíodh sé i mbóithre nó i bhfostaíocht no i bhforbairt tionsclaíochta agus tig leis na Teachtaí thall ansin a bheith cinnte de sin. Rugadh agus tógadh mé sa Ghaeltacht agus tá i bhfad níos mó suime agam sa Ghaeltacht ná mar atá ag daoine eile atá ag tafaint ormsa.

I have been more than patient and more than fair. Deputies are being unreasonable.

(Interruptions.)

Will the Minister please answer Question No. 10?

Barr
Roinn