Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Feb 1984

Vol. 347 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - County Donegal Factory Closure.

13.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that the parent company of Irlandus Teoranta, Derrybeg, County Donegal which closed recently is expanding its operations; and if he will make every effort to influence them to reopen the Derrybeg factory where the expansion could take place.

14.

asked the Minister for the Gaeltacht if negotiations are taking place with any companies to replace an industry which recently closed at the Údarás na Gaeltachta industrial estate, Derrybeg, County Donegal.

Glacaim leis gur Irlandus (Dún na nGall) Teo atá ar intinn ag an Teachta i gCeist a 14 agus tógfaidh mé an Cheist sin i dteannta le Ceist a 13.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta:

— go raibh Irlandus (Dún na nGall) Teo ag feidhmiú faoi scáth Irlandus (Craigavon) Ltd. cuideachta nach bhfuil i mbun gnó a thuilleadh, agus

— go bhfuil idirbheartaíocht ar siúl faoi láthair ag an Údarás le comhlacht ar leith maidir le tionscal eile den saghas céanna a bhunú sa mhonarcha ina raibh Irlandus (Dún na nGall) Teo.

An nglacann an tAire leis gur osclaíodh an mhonarcha seo Irlandus Teoranta (Dún na nGall) tuairim is níos lú ná dhá bhliain ó shin agus chaith an Stát tuairim is £388,000 an t-am sin agus go ndúirt bainisteoir ginearálta Irlandus ag an am sin go raibh na machines is fearr sa domhan acu agus druideadh an mhonarcha sin. An lá céanna cháin an bainisteoir ginearálta an córas telefóin a bhí againn? Glacaim go bhfuil gach rud á dhéanamh chun cóir a chur air sin. An gceapann an tAire gur ionraic an rud é Dún na nGall a fhágáil? Tá súil agam go bhfuil na machines san Bhun Bheag go fóill. Tá siad ag cur leis an mhonarcha atá i Craigavon, agus de réir an eolais atá agamsa d'fhéadfadh leo an obair céanna a dhéanamh san Bhun Bheag leis na machines céanna atá ansin.

Níor mhaith liom tuairim a nochtú faoin méid atá ráite ag an Teachta ach amháin seo, gur cosúil ón idirbheartaíocht a chuaigh ar aghaidh sular bunaíodh nó sular tosaigh an comhlacht i dTír Chonaill go rabhthas ag brath ar an bpríomh-comhlacht i gCraigavon i dTuaisceart na hÉireann an táirge a dhíol agus chomh maith leis sin bhí mé ag braith air chun bainistíocht agus comhairleoirí a chur ar fáil. I lár na bliana seo caite ceapadh glacadóir sa phríomhcomhlacht i Craigavon. Sin é an t-eolas atá agamsa, agus níos deireannaí ná sin ceapadh glacadóir sa chomhlacht i dTír Chonaill. Tá chuile iarracht á déanamh agus tá súil ag an Údarás agus agamsa go mbeidh dea-thoradh ar an idirbheartaíocht atá ar siúl faoi láthair le comhlacht nua a bhunú ansin agus le fostaíocht lán-aimsire a chur ar fáil.

Glacaim leis go bhfuil gach iarracht á déanamh ag Údarás na Gaeltachta chun tionscal eile a mhealladh isteach chuig an mhonarcha seo. Is é an cheist phráinneach atá ann ná gur fhág Irlandus Teo Dún na nGall, go bhfuil siad ag obair go fóill i gCraigavon agus go bhfuil siad ag cur leis an mhonarcha ansin. B'fhéidir go mbeadh an tAire ábalta nó go mbeadh Údarás na Gaeltachta ábalta fiosrú éigin a dhéanamh maidir leis an fhorbairt sin atá ag dul ar aghaidh i gCraigavon agus go mba cheart go mbeadh ag dul ar aghaidh i Dun na nGall.

Níor luaigh an Teachta caitheamh airgid Stáit agus tá mé cinnte go mbeidh an t-eolas sin á fháil ag oifigigh an Údaráis agus ag bainistíocht an Údaráis agus go mbeidh siad ábalta rud éigin a dhéanamh faoi, más féidir leo; déanfaidh siad a ndhícheall cibé caiteachas a bhí ann ón Stát a laghdú agus gan é bheith caillte don Stát.

Barr
Roinn