Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Feb 1984

Vol. 347 No. 7

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - County Galway Pier Improvements.

10.

asked the Minister for the Gaeltacht if his Department will provide for improvements at Inishere Pier, Aran Islands, County Galway to enable the weekly supply boat Naomh Éanna to come alongside.

11.

asked the Minister for the Gaeltacht the progress being made on improving the pier facilities at Inishere, Aran Islands, County Galway.

12.

asked the Minister for the Gaeltacht the position in relation to improvements to a pier (details supplied) in County Galway.

Tógfaidh mé Ceisteanna 10, 11 agus 12 le chéile. Sula bhféadfar feabhsú na saoráidí calaíochta ag an áit sin a mheas caithfear suirbhéanna éagsúla a dhéanamh agus tá mo Roinnse i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí ina dtaobh.

Ta suirbhéanna déanta ar an láithreán seo, ag an céibh seo leis na blianta fada anuas agus tá sé deacair anois insint cén eolas sa bhreis a bheadh ag teastáil ag an bpointe seo tar éis na suirbhéanna uilig atá déanta, agus an bhfuil a fhios ag an Aire faoi na suirbhéanna a rinneadh san áit seo leis na blianta anuas agus cén sórt eolais nua a theastaíonn anois.

Is cosúil go bhfuil suirbhéanna hydografaíochta agus polladóireachta le déanamh sula bhféadfar tuarascáil innealltóireachta agus tuarascáil meastacháin chostais a ullmhú i leith na saoráidí atá á lorg ag na hoileáin. Ba mhaith liom a rá chomh maith go bhfuil chuile iarracht á déanamh agamsa go ndéanfaí iad seo chomh luath agus is féidir. Deirtear liom nach bhfuil sé d'achmhainn ag Oifig na nOibreacha Poiblí an obair seo a dhéanamh chomh luath agus ba mhaith liom agus tá mé ag breathnú faoi láthair le féachaint an bhféadfaí é a dhéanamh trí mheán phríobháideach.

An bhfuil meastachán ag an Aire cén fhad a thógfaidh sé chun cinneadh a dhéanamh faoin cheist seo?

Dúradh liom ag Oifig na nOibreacha Poiblí nach mbeadh siad san ábalta tosnú fiú amháin ar an rud go gceann sé mhí. Cheap mé féin go raibh sé sin ró-fhada agus go gcuirfí moill ar an rud agus tá mé ag iarraidh é a dhéanamh i bhfad níos luaithe ná sin.

Barr
Roinn