Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Dec 1984

Vol. 354 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

12.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will give details of any request for additional powers made by Údarás na Gaeltachta; and if he will make a statement on Government policy in regard to the future operation of Údarás na Gaeltachta.

Ag an gcéad chruinniú d'Údarás na Gaeltachta ar an 4 Eanáir 1980 labhair an tAire mar seo a leanas agus é ag tagairt do chomhaltaí an Údaráis:

Nuair a bheidh a gcumas léirithe acu, má thagann siad ar an tuairim mheáite gur fearr a d'fhéadfaidís leas na Gaeltachta a chur chun cinn ach cumhachtaí a fháil de bhreis ar a bhfuil acu faoi láthair, tig leo iarratas dá réir a chur ar aghaidh chugam agus breithneoidh mé go báúil é le súil go bhféadfainn an Rialtas a shásamh gur chóir dóibh ordú cuí a dhéanamh faoi alt 9 den Acht. Mar chabhair dom, ar ndóigh, beidh an cás iomlán le leagan amach ag an Údarás — na lochtanna sa chóras, na bealaí chun iad a leigheas, an costas a bheadh i gceist agus mar sin de.

Go dtí seo níor leag an tÚdarás an cás iomlán amach d'aon chumhachtaí breise faoi alt 9.

Is é beartas an Rialtais go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú go lánéifeachtach ar mhaithe leis an nGaeltacht.

An é atá rá ag an Aire nár cuireadh aon iarratas isteach ó bhord an Údaráis ag iarraidh cumhachtaí breise sna cúig bliana a chaith siad mar Údarás go dtí an fómhar seo caite?

Faoi alt a 9 den Acht, tá sé sin fíor.

Ar iarr siad cumhachtaí breise?

D'iarr siad airgead breise agus leis an airgead breise tá sé loigiciúil go mbeadh cumhachtaí breise uathu leis an airgead sin a chaitheamh. Tháinig iarratais ó am go ham le haghaidh rudaí cosúil le deontais ar bhóithre a dheisiú. Sin rud speisialta. Faoi alt a 9, níor tháinig iarratas isteach.

Barr
Roinn