d'Aire na Gaeltachta an gcinnteoidh sé go bhfuil gach iarracht á dhéanamh chun tionscal eile a fháil do mhonarcha GT i nDún na nGall.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscal Nua do Dhún na nGall.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil iarrachtaí leanúnacha ar siúl chun tionscal fóirsteanach nó níos mó ná ceann amháin a aimsiú don fhoirgneamh sin.
Os rud é go bhfuil an foirgneamh seo ró-mhór le haghaidh tionscal amháin, an mbeadh an tAire sásta cúpla réamh-mhonarchana a dhéanamh as an monarcha mhór sin?
Tá siad ag plé leis an tuairim go mba cheart níos mó ná tionscal amháin a chur isteach ansin. Mar a deir an Teachta, tá an mhonarcha ansin ró-mhór — tá 4,000 méadair cearnacha ann agus tá sé ceart go mbeadh tionscal oiriúnach don áit bunaithe ann. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá leath na monarchan tógtha suas faoi láthair agus tá an tÚdarás ag iarraidh tionscail eile, nó níos mó ná tionscail amháin, a mhealladh isteach ann. D'fhéadfaí réiteach a dhéanamh air sin agus bheadh an tÚdarás sásta é sin a dhéanamh.
An mbeadh an tAire in ann a rá an bhfuil cainteanna ag dul ar aghaidh le tionsclóirí áirithe?
Táid ag iarraidh tionscal a fháil don áit sin. Ag an bpointe seo níl aon duine socraithe le cur isteach ann maidin amárach ach tá cainteanna ar siúl ag iarraidh daoine a fháil, agus más gá, roinnfear an áit.