Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Oct 1985

Vol. 361 No. 3

Written Answers. - Turasóireacht sa Ghaeltacht.

57. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé éirim polasaí le haghaidh forbairt thionscal na turasóireachta i réigiúin Ghaeltachta agus an gcuirfidh sé in iúl céard iad na deontais atá ar fáil.

Is mian le mo Roinnse go gcaithfeadh cuairteoirí ar suim leo an Ghaeilge tréimhse i gcomhluadar Gaelach sa Ghaeltacht. Chun na críche sin cuireann Roinn na Gaeltachta cabhair ar fáil faoi

—Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

—Scéim na Cóiríochta Saoire sa Ghaeltacht.

Tugtar cabhair freisin faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun seomraí leapan breise do chuairteoirí, seomra folctha le huisce te, saoráidí uisce agus séarachais a chur ar fáil rud a chuireann leis an gcóiríocht do chuairteoirí sa Ghaeltacht.

Cuidíonn na háiseanna a chuirtear ar fáil freisin trí scéimeanna eile de chuid na Roinne, e.g. Scéim na gColáistí Gaeilge, Scéim na Hallaí Siamsa sa Ghaeltacht, Scéim na dTaithneamhachtaí, Scéimeanna Uisce agus Séarachais leis an turasóireacht sa Ghaeltacht.

Dar ndóigh, ta, freagracht ar Bhord Fáilte i leith na Gaeltachta chomh maith leis an gcuid eile den tír agus tá a chuid scéimeanna i bhfeidhm sa Ghaeltacht leis.

Barr
Roinn