Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Oct 1985

Vol. 361 No. 3

Written Answers. - Feabhsú Bóithre Inis Meain.

56. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé deontais ar fáil chun bóithre a fheabhsú agus a tharráil ar Inis Meáin, Árainn.

Tá an soláthar airgid atá ar fáil do mo Roinnse i mbliana do bhóithre íoctha nó geallta cheana féin agus tá suim £5,000 den soláthair sin caite ar bhóithre ar Inis Meáin.

Tuigtear dom go bhfuil cúnamh chun oibreacha feabhsúcháin áirithe — ar a n-áirítear deisiú bóithre — a chur i grích ar Inis Meáin ceadaithe faoin Scéim Fostaíochta Sóisialta de chuid na Roinne Saothair.

Barr
Roinn