Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Nov 1985

Vol. 361 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Aerstráicí Oileáin Árainn.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cathain a thosófar obair ar rúidbhealaí nua a chur ar fáil ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr, Contae na Gaillimhe agus cathain a thógfar soillse tuirlingte.

Maidir le dromchlaí crua do na haerstráicí ar Oileáin Árainn tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur mar seo a leanas atá:

Inis Mór agus Inis Meáin: Ach deacrachtaí teidil a bheith réitithe meastar go dtosófar ar an obair go luath san athbhliain.

Inis Oírr: Ach deacrachtaí teidil a bheith réitithe meastar go dtosófar ar an obair i rith na bliana seo chugainn.

Tuigim freisin ón Údarás nach bhféadfaí ach feidhm an-teoranta a bhain as soilse tuirlingthe ar na haerstráicí ar na hoileáin go dtí go mbeadh soilse ar an aerfort mórthíre óna mbíonn an aersheirbhís. Coimeádfar an cheist faoi bhreithniú.

An bhfuil sé i gceist na soilse a chur ar Charn Mór cosúil leis na haerphoirt ar an morthír?

Níl mé cinnte faoí sin.

An n-aontaíonn an tAire gur ceist phráinneach í seo mar nach bhfuil aon tseirbhís sábhailte ar fáil sna hoileáin san oíche? Fiú amháin an tseachtain seo caite chualamar faoí na daoine a gortaíodh i nDún na nGall. Bhí orthu fanacht ar feadh ocht n-uaire a chloig sula rabhadar in ann na daoine a iompar go dtí an t-ospidéal, cuid acu gortaithe go dona. Caithfidh an tAire admháil nach bhfuil sé sin sásuil. Dá gcuirfí soilse ar fáil i gCam Mór agus ag an aerstráice in Arainn bheadh an tseirbhís ina seirbhís sábháilte sna hoileáin ar feadh 20 uair sa ló.

Tá mé cinnte go n-aontódh an Teachta liom, go dtí go mbeidh na soilsí ar fáil sa Charn Mór beidh teora leis an úsáid a bhféadfaí a bhaint as na soilsí ar na hoileáin. Chomh fada agus is eol dom tá sé ar intinn soilsí a chur ar Charn Mór, agus ag an bpointe sin beimid in ann breathnú ar cheist na h-áise céanna a sholáthar do na hoileáin.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire aerstráicí nua a chur sna trí oileáin. Dúirt sé go dtosnófaí iad go léir an bhliain seo chugainn?

Inis Mór, tá £80,000 i gceist; Inis Meáin, £80,000; agus Inis Oírr £186,000.

An bhfuil an tAire ag rá go gcríochnófar an obair ar fad sin an bhliain seo chugainn?

Dá mbeadh ceisteanna teidil socraithe: tá ceist Inis Mór beagnach socraithe agus beidh sé ag tosnú go luath. In Inis Oírr tá suas le 65 tionóntaí i gceist ach ní dóigh liom go mbeidh morán deacrachta leis agus beidh sé in ann tosnú san athbhliain.

Barr
Roinn